Show/hide contentOpenClose All
Curricular information is subject to change
Beidh tuiscint ag na mic léinn ar stair ghinearálta na lámhscríbhinní Gaeilge ó ré na Sean-Ghaeilge go dtí lár 19ú haois.
Beidh tuiscint acu ar na comhthéacsanna stairiúla inar tiomsaíodh na lámhscríbhinní malla, agus ar shaothrú na Gaeilge i gceantair uirbeacha san 18ú agus sa 19ú haois.
Beidh siad in ann téacsanna simplí gairide a thras-scríobh ó lámhscríbhinní ón 18ú agus ón 19ú haois.
Tabharfar sracfhéachaint ar chuid de na foinsí scríofa Gaeilge is luaithe dá bhfuil againn, m.sh. na gluaiseanna agus lámhscríbhinní móra na meánaoiseanna. Ina dhiaidh sin, díreofar ar lámhscríbhinní ré na Nua-Ghaeilge agus ar a bhfuil le tacar astu i dtaobh na ndálaí stairiúla agus sóisialta inar cuireadh le chéile iad. Mar chás-staidéir, déanfar scrúdú ar leith ar: (i) lámhscríbhinní a grafadh i suíomhanna uirbeacha (m.sh. Baile Átha Cliath, Droichead Átha) le linn an 18ú agus an 19ú haoise; agus (ii) ar chuid de na lámhscríbhinní atá ar coimeád anois i sainchnuasaigh UCD féin. De bhreis air sin, múinfear cúrsa tosaigh ar an bpailéagrafaíocht; agus déanfar sleachta gairide a thras-scríobh ó lámhscríbhinní de chuid an 18ú agus an 19ú haois.
Student Effort Type | Hours |
---|---|
Lectures | 22 |
Specified Learning Activities | 8 |
Autonomous Student Learning | 200 |
Total | 230 |
Ardchaighdeán Gaeilge idir léamh agus scríobh; bunchéim dara onóracha grád 1 (ar a laghad) sa Ghaeilge.
Description | Timing | Component Scale | % of Final Grade | ||
---|---|---|---|---|---|
Presentation: Cur i láthair ó bhéal | Varies over the Trimester | n/a | Alternative linear conversion grade scale 40% | No | 50 |
Essay: Móraiste / Tionscnamh 3,000 focal ar a laghad | Unspecified | n/a | Alternative linear conversion grade scale 40% | No | 50 |
Resit In | Terminal Exam |
---|---|
Spring | No |
• Feedback individually to students, post-assessment
Not yet recorded.