IR40520 Dlí agus Aistriúchán 1

Academic Year 2022/2023

Students will need a laptop and Wifi connection to participate fully in this module.

Tá an cúrsa seo dírithe ar mhic léinn a bhfuil suim acu obair trí mheán na Gaeilge i réimse an dlí. Beidh sé mar aidhm ag an gcúrsa sainscileanna teanga a chur ar fáil do mhic léinn ionas gur féidir leo cur isteach ar phostanna mar aistritheoirí ar cháipéisí dlí in Éirinn agus san Aontas Eorpach. Leagfar béim sa chéad seimeastar ar na dúshláin a bhaineann leis an aistriúchán sa chomhthéacs dlíthiúil, ar nósanna teanga sa reachtaíocht, ar shaintéarmaíocht an dlí, ar ardchruinneas teanga agus ar áiseanna teicneolaíochta. Faoi dheireadh an tseimeastair, beidh tuiscint agus taithí agat ar na saghsanna éagsúla cáipéisí a aistrítear go Gaeilge in Éirinn agus san Aontas Eorpach. Tabharfar roinnt eolais ghinearálta duit ar bheartas teanga an Stáit agus ar bheartas teanga an Aontais Eorpaigh maidir le cáipéisí dlí a chur ar fáil i nGaeilge. Gheobhaidh tú taithí freisin ar na tástálacha síciméadracha a úsáidtear mar chuid den phróiseas earcaíochta d'aistritheoirí san Aontas Eorpach. Ach díreofar go príomha ar scileanna aistriúcháin. Má éiríonn leat sa mhodúl seo i Seimeastar 1, beidh tú in ann dul ar aghaidh i Seimeastar 2 go dtí Dlí & Aistriúchán II.

Show/hide contentOpenClose All

Curricular information is subject to change

Learning Outcomes:

Ag deireadh an mhodúil seo ba cheart go mbeadh sé ar chumas an mhic léinn:
Saintéarmaíocht agus frásaí sa reachtaíocht a aimsiú agus cruinneas gramadaí a sheiceáil trí úsáid a bhaint as na háiseanna atá ar fáil ar líne
Téarmaíocht choitianta agus frásaí coitianta sa reachtaíocht a aistriú gan chúnamh ó fhoclóir ná ó áiseanna ar líne
Brí focal nó frásaí i gcomhthéacs cáipéis dlí a lorg nuair is gá chun cáipéis a aistriú
Rialacha gramadaí a chur i bhfeidhm agus a mhíniú i gcáipéisí dlí agus botúin bhunúsacha i gcáipéisí dlí a cheartú
Riachtanais chomhréir na Gaeilge i gcomhthéacs cáipéisí dlí a thuiscint
Ullmhú do na tástálacha síciméadracha a úsáidtear mar chuid de phróiseas earcaíochta and AE d'aistritheoirí

Indicative Module Content:

Obair phraiticiúil dírithe ar scileanna aistriúcháin i gcomhthéacs an dlí a fhorbairt
Léachtaí ar líne agus ranganna teagaisc

Student Effort Hours: 
Student Effort Type Hours
Lectures

20

Specified Learning Activities

100

Autonomous Student Learning

100

Total

220

Approaches to Teaching and Learning:
Léachtaí ar líne; grúpaí beaga; obair phraiticiúil;
 
Requirements, Exclusions and Recommendations

Not applicable to this module.


Module Requisites and Incompatibles
Not applicable to this module.
 
Assessment Strategy  
Description Timing Open Book Exam Component Scale Must Pass Component % of Final Grade
Class Test: Measúnaithe leanúnacha ar shaintéarmaíocht, ar an aistriúchán agus ar thástálacha síciméadracha. Varies over the Trimester n/a Standard conversion grade scale 40% No

25

Examination: Scrúdú scríofa Week 12 No Standard conversion grade scale 40% No

35

Continuous Assessment: Ceachtanna Varies over the Trimester n/a Standard conversion grade scale 40% No

25

Essay: Aiste ar dhualgais an aistritheora sa chomhthéacs dlíthiúil Coursework (End of Trimester) n/a Standard conversion grade scale 40% No

15


Carry forward of passed components
No
 
Resit In Terminal Exam
Spring No
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 
Feedback Strategy/Strategies

• Feedback individually to students, post-assessment

How will my Feedback be Delivered?

Aiseolas rialta ar cheachtanna seachtainiúla, tríd an ríomhphost agus go pearsanta

Name Role
Mr Eoin McEvoy Lecturer / Co-Lecturer
Ms Órla Ní Chuilleanáin Lecturer / Co-Lecturer