IR40510 Aistriúchán Gairmiúil

Academic Year 2022/2023

Students will need a laptop and Wifi connection to participate fully in this module.

Díreofar ar an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge sa mhodúl seo. Tabharfar mic léinn isteach ar roinnt de theoiricí an aistriúcháin. Gheobhaidh mic léinn taithí phraiticiúil ar chineálacha éagsúla aistriúcháin; díreofar go háirithe ar na cineálacha seo a leanas:

- téacsanna liteartha
- téacsanna fiasnéise / pragmatacha
- téacsanna dlíthiúla agus an reachtaíocht

Déanfar staidéar comparáideach agus plé ar aistricháin a rinneadh cheana. Gheobhaidh na mic léinn tuiscint ar obair an aistritheora ghairmiúil agus díreofar go háirithe ar mhic léinn a oiliúint do scrúduithe creidiúnaithe agus do scrúduithe gairmiúla san aistriúchán. Beidh obair phraiticiúil i gceist sna ranganna ar líne agus idir na ranganna. Cuirfear in iúl do mhic léinn chomh maith cé na hacmhainní foclóireachta atá le fáil don aistritheoir Gairmiúil. Pléifear na fadhbanna faoi leith a bhaineann le haistriú go Gaeilge agus tabharfar an-deis do na mic léinn a scileanna aistriúcháin féin a chleachtadh agus a thabhairt chun feabhais.

Show/hide contentOpenClose All

Curricular information is subject to change

Learning Outcomes:

Na mic léinn a dhéanfaidh an modúl seo, beidh siad in inmhe Gaeilge chruinn, sholéite a chur ar théacsanna éagsúla Béarla. Beidh siad in ann bunphrionsabail an aistriúcháin a mhíniú. Féadfaidh siad cuntas a thabhairt ar na cineálacha difriúla aistriúcháin atá ann agus ar an gcaoi a dtéitear i mbun téacs liteartha nó teicniúil a aistriú go Gaeilge. Beidh siad in ann na foclóirí a lua chomh maith leis na hacmhainní eile ar líne atá riachtanach d'obair an aistritheora ghairmiúil sa Ghaeilge. Tiocfaidh leo freisin tuairisc a thabhairt ar na deacrachtaí ar leith a bhaineann le Gaeilge a chur ar théacsanna de shóirt éagsúla.

Indicative Module Content:

Scileanna aistriúcháin ó Ghaeilge - Béarla & Béarla - Gaeilge;
Scileanna teanga agus eagarthóireachta;
Taithí phraiticiúil ar chineálacha éagsúla aistriúcháin;
Acmhainní teanga;

Student Effort Hours: 
Student Effort Type Hours
Lectures

22

Specified Learning Activities

78

Autonomous Student Learning

100

Total

200

Approaches to Teaching and Learning:
Obair phraiticiúil dírithe ar scileanna aistriúcháin agus teanga; obair neamhspleách, aiseolas agus plé; 
Requirements, Exclusions and Recommendations
Learning Recommendations:

Taithí ar ghramadach na Gaeilge a fhoghlaim ag an tríú leibhéal;


Module Requisites and Incompatibles
Not applicable to this module.
 
Assessment Strategy  
Description Timing Open Book Exam Component Scale Must Pass Component % of Final Grade
Examination: Scrúdú scríofa Week 12 Yes Standard conversion grade scale 40% No

30

Continuous Assessment: Measúnú Leanúnach Throughout the Trimester n/a Standard conversion grade scale 40% No

50

Class Test: Scrúdú Lár Téarma Week 6 n/a Standard conversion grade scale 40% No

20


Carry forward of passed components
No
 
Resit In Terminal Exam
Spring No
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 
Feedback Strategy/Strategies

• Feedback individually to students, post-assessment
• Group/class feedback, post-assessment

How will my Feedback be Delivered?

Aiseolas seachtainiúil pearsanta ar chleachtaí rialta - tríd an ríomhphost agus go pearsanta Aiseolas sa rang mar ghrúpa;

Name Role
Cathal Burke Lecturer / Co-Lecturer
Mr Ian Not In Use O'Caoimh Lecturer / Co-Lecturer
Mr Sean O'Briain Lecturer / Co-Lecturer
Ms Jillian O'Malley Lecturer / Co-Lecturer
Professor Regina Uí Chollatáin Lecturer / Co-Lecturer
Mr Ian Ó Caoimh Lecturer / Co-Lecturer