Learning Outcomes:
Anailís thuisceanach a dhéanamh ar úrscéalta na Gaeilge i dtéarmaí na stíle agus na staire liteartha; saibhriú teanga; eolas a léiriú ar na príomhshruthanna ficsin nua-aimseartha faoi mar a chastar orainn iad sa Ghaeilge agus ar shainiúlacht na saothar Gaeilge laistigh de na príomhshruthanna sin.
Indicative Module Content:
Na húrscéalta Séadna, Cré na Cille agus ceithre úrscéal eile a roghnófar i gcomhairle leis na mic léinn
Fás an réalachais as traidisiún liteartha na Gaeilge
Teicníocht reacaireachta
Peirspictíocht agus dearcadh sna húrscéalta
Ceisteanna práinneacha polaitiúla i gcomhthéacs an fhicsin