Learning Outcomes:
1. Bheith ábalta aiste chriticiúil a scríobh ar fhorbairt stairiúil na meán ó bhunú an chultúir chló anuas go dtí bunú an chéad irisleabhar Gaeilge, Bolg an tSolair;
2. Bheith ábalta aiste chriticiúil a scríobh ar thionchar na meán Gaeilge ar an athbheochan chultúrtha agus ar athbheochan na Gaeilge;
3. Forbairt ar chumas anailíse ar ról an iriseora ar bhonn gairmiúil agus mar bhall de shochaí náisiúnta idirnáisiúnta na Gaeilge;
4. Bheith ábalta plé eolgaiseach a dhéanamh ar fheidhm na meán Gaeilge cló, craolta agus ar líne i bpobal Gaeilge náisiúnta agus idirnáisiúnta an aonú haois is fiche;
5. Bheith ábalta léamh agus léirmheas criticiúil coincheapúil a dhéanamh ar thaighde scoláirí náisiúnta agus idirnáisiúnta ar na meáin, ar athbheochan teanga agus ar ról an iriseora;
6. Bheith ábalta cuntas léirmheastóireachta a dhéanamh ar mhonagraf ar an ábhar seo;
7. Bheith ábalta eagarthóireacht a dhéanamh ar phíosa iriseoireachta ó dheireadh an naoú haois déag - thús an fhichiú haois le hé a chur in oiriúint do léitheoirí agus do mhic léinn iriseoireachta an lae inniu,