Learning Outcomes:
Ag deireadh an mhodúil, má théann siad i ngleic leis na léachtaí, plé sa rang, an léitheoireacht, agus an measúnu, beidh na mic léinn in ann:
1. Smaointeoireacht chriticiúil theangeolaíoch i leith na Gaeilge a chur in iúl.
2. Sonraí a bhailiú chun comparáid chórasach a dhéanamh idir chanúintí na Gaeilge, agus idir an Ghaeilge is teangacha eile.
3. Dul i ngleic le hanailís agus litríocht teangeolaíochta ar bhonn neamhspleách chun a gcuid eolais/tuisceana a fheabhsú.
Indicative Module Content:
Is féidir go leasófar ábhair bheachta na seachtainí le linn an trimeastair, ach seo thíos a chlúdófar sa mhodúl:
Seachtain 1 - Plé maidir leis an eolas teangeolaíochta atá ag baill an mhodúil cheana féin
Seachtainí 2-4 - Cúrsaí fuaime (an fhoghraíocht, an fhóineolaíocht) agus taighde/scoláireacht ábhartha
Seachtainí 5-7 - Cúrsaí morfachomhréire (an mhoirfeolaíocht, an chomhréir) agus taighde/scoláireacht ábhartha
Seachtainí 9-11 - Cúrsaí na sochaí (an tsochtheangeolaíocht, an éagsúlacht, an idé-eolaíocht) agus taighde/scoláireacht ábhartha
Seachtain 12 - Plé ranga maidir leis na haistí a bheifear tar éis dréachtú