Explore UCD

UCD Home >

IR40190

Academic Year 2026/2027

Ceird na Scríbhneoireachta (IR40190)

Subject:
Irish
College:
Arts & Humanities
School:
Irish, Celtic Stud & Folklore
Level:
4 (Masters)
Credits:
10
Module Coordinator:
Mr Eoin McEvoy
Trimester:
Autumn
Mode of Delivery:
On Campus
Internship Module:
No
How will I be graded?
Letter grades

Curricular information is subject to change.

Cúrsa praiticiúil is ea é seo, i bhfoirm ceardlann don chuid is mó, le haghaidh scoláirí atá ag iarraidh a gcuid scileanna scríbhneoireachta a fhorbairt. Beidh ceachtanna scríbhneoireachta le déanamh agus le plé ó sheachtain go chéile, agus cuirfear béim faoi leith ar an athscríobh. Déanfar cleachtadh ar chineálacha éagsúla scríbhneoireachta, chun aird an scoláire a dhíriú ar an scríbhneoireacht éifeachtach agus ar éifeacht a gcuid scríbhneoireachta féin. Díreofar ar an scríbhneoireacht chruthaitheach go príomha agus ar an iriseoireacht, mar aon le bunscileanna eagarthóireachta a chleachtadh. Iarrfar ar gach scoláire samplaí scríbhneoireachta agus téiseanna ar cheird na scríbhneoireachta a léamh mar chuid den mhodúl. Beidh an freastal rialta ar sheimineáir taighde na Scoile ina chuid lárnach den mhodúl seo chomh maith.

Ní cheadófar úsáid na hintleachta saorga giniúnaí (generative artificial intelligence) le haghaidh aon phíosa measúnaithe sa mhodúl seo, ach beidh cead ag na scoláirí úsáid a bhaint as uirlisí eagarthóireachta atá bunaithe ar an intleacht shaorga níos ginearálta, m.s. seiceálaithe litrithe, sa mheasúnú a dhéanfar sa bhaile. Féadfaidh an Comhordaitheoir comhrá a iarraidh ar aon scoláire chun a dtuiscint ar an obair atá curtha isteach acu, agus scileanna/coincheapa ábhartha, a scrúdú, agus is féidir go mbeidh tionchar ag an gcomhrá sin ar an ngrád a bhronnfar ar an obair.

About this Module

Learning Outcomes:

Tar éis dóibh an modúl seo a chríochnú, ba cheart go mbeadh na scoláirí in ann:

(i) sleachta gonta, soléite scríbhneoireachta de chineálacha éagsúla a sholáthar i nGaeilge chruinn;

(ii) sliocht dá gcuid féin a athscríobh chun cur lena éifeacht;

(iii) anailís a dhéanamh ar na scileanna scríbhneoireachta atá forbartha acu;

(iv) píosa scríbhneoireachta c. 5,000 focal a chur ar fáil a bheadh infhoilsithe.

Indicative Module Content:

Braithfidh ábhar an mhodúil seo ar réimsí speisialtóireachta na foirne agus ar thaithí na scríbhneoirí a stiúrann na ceardlanna seachtainiúla. Cumhdófar:

- réimsí scríbhneoireachta éagsúla

- réimeanna teanga éagsúla

- cleachtais scríbhneoireachta éagsúla

- samplaí de shaothair litríochta ó sheánraí éagsúla

- tascanna scríbhneoireachta rialta

- bunscileanna eagarthóireachta a fhorbairt

- plé ar an bpróiseas foilsitheoireachta

- féinmhachnamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an scoláire

- fóram plé sna ceardlanna

The United Nations identified seventeen Sustainable Development Goals (SDGs) as core to the 2030 Agenda for Sustainable Development, and UCD contributes in general to SDG 4 Quality Education. Further SDGs explored within this module if relevant are listed below. A scale of 1 - 5 indicates the extent to which the SDG is covered.


 

Student Effort Hours:
Student Effort Type Hours
Seminar (or Webinar)

22

Specified Learning Activities

76

Autonomous Student Learning

102

Total

200


Approaches to Teaching and Learning:
Sa mhodúl seo, bainfear úsáid as:

- ceardlanna agus seimineáir

- piar-theagasc

- fóram plé

- foghlaim ghníomhach

- obair i ngrúpaí

- dréachtaí a ullmhú

- dialann foghlama

- foghlaim bunaithe ar thascanna scríbhneoireachta

- saothar leanúnach a dhréachtadh agus a fhorbairt

Requirements, Exclusions and Recommendations
Learning Recommendations:

2.1 sa bhunchéim;
Gaeilge líofa;
Léitheoireacht fhairsing, sa Ghaeilge agus i dteanga[cha] eile


Module Requisites and Incompatibles
Not applicable to this module.
 

Assessment Strategy
Description Timing Component Scale Must Pass Component % of Final Grade In Module Component Repeat Offered
Individual Project: Tionscadal scríbhneoireachta c. 5,000 focal i seánra a roghnóidh an scoláire féin. Comhrá leis an gComhordaitheoir mar gheall ar an bpróiseas. Week 15 Graded No
50
No
Practical Skills Assessment: Tascanna rialta scríbhneoireachta i seánraí éagsúla chun punann píosaí scríbhneoireachta a thiomsú. Week 3, Week 6, Week 8, Week 11 Graded No
30
No
Reflective Assignment: Dialann foghlama a choinneáil ó thús deireadh an mhodúil. Week 2, Week 7, Week 10, Week 14 Graded No
20
No

Carry forward of passed components
Yes
 

Resit In Terminal Exam
Spring No
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 

Feedback Strategy/Strategies

• Feedback individually to students, on an activity or draft prior to summative assessment
• Feedback individually to students, post-assessment
• Group/class feedback, post-assessment

How will my Feedback be Delivered?

Measúnú leanúnach: Aiseolas don rang iomlán agus do gach scoláire faoi seach i ndiaidh gach tasc. Dialann foghlama: Aiseolas ar líne trí Brightspace ag deireadh an trimeastair. Tionscadal scríbhneoireachta: Comhairle ar dhréacht/plean scríbhneoireachta; plé ar an saothar agus an próiseas; agus aiseolas do gach scoláire ag deireadh an trimeastair.

Cruinnscríobh na Gaeilge, Ciarán Mac Murchaidh, Cois Life, Baile Átha Cliath, 2002.
Cuir Gaeilge Air, Antain Mac Lochlainn, Cois Life, Baile Átha Cliath, 2000.
Eats, shoots & leaves: the zero tolerance approach to punctuation, Lynne Truss, Profile, London, 2005.
Gearrchúrsa Gramadaí, Brian Mac Giolla Phádraig, Longman, Brún agus Ó Nualláin, Baile Átha Cliath
Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí, An Gúm, Baile Átha Cliath, 1999.
Gramadach gan stró!, Éamonn Ó Dónaill, Gaelchultúr, Baile Átha Cliath, 2008.
Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil, Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath,1979.
Haiku Enlightenment, Gabriel Rosenstock, Cambridge Scholars Publishing, Newcastle Upon Tyne, 2009.
In Ord is in Eagar, Antain Mac Lochlainn,Cois Life, Baile Átha Cliath, 2010.
Irish Grammar: A Basic Handbook, Nollaig Mac Congháil, Officina Typographica, 1988.
Maidir le do Litir, Séamus Daltún. Baile Átha Cliath: An Gúm, 1998.
Réchúrsa Gramadaí, Brian Mac Giolla Phádraig. Baile Átha Cliath: Longman, Brún agus Ó Nualláin.
Save the Cat!, Blake Snyder. Stáit Aontaithe: Michael Wiese Productionsl
Save the Cat! Writes a Novel, Jessica Brody. Clarkson Potter/Ten Speed.
Úrchúrsa Gaeilge, Dónaill P. Ó Baoill agus Éamonn Ó Tuathail, ITÉ, Baile Átha Cliath 1992.

Timetabling information is displayed only for guidance purposes, relates to the current Academic Year only and is subject to change.
Autumn Seminar Offering 1 Week(s) - Autumn: All Weeks Tues 16:00 - 17:50