IR40190 Ceird na Scríbhneoireachta

Academic Year 2022/2023

Cúrsa praiticiúil, i bhfoirm ceardlainne don chuid is mó, do mhic léinn atá ag iarraidh a gcuid scileanna scríbhneoireachta a fhorbairt. Beidh ceachtanna scríbhneoireachta le déanamh agus le plé ó sheachtain go seachtain, agus cuirfear béim faoi leith ar an athscríobh. Déanfar cleachtadh ar chineálacha éagsúla scríbhneoireachta, ó sheánraí liteartha go dtí an tuarascáil fhoirmeálta, d'fhonn aird na mac léinn a dhíriú ar an scríbhneoireacht éifeachtach agus ar éifeacht a gcuid scríbhneoireachta féin. Díreofar ach go háirithe ar an scríbhneoireacht fheidhmeach, ar an scríbhneoireacht iriseoireachta agus ar an scríbhneoireacht chruthaitheach, mar aon le bunscileanna eagarthóireachta a chleachtadh. Iarrfar ar mhic léinn samplaí scríbhneoireachta agus téiseanna ar cheird na scríbhneoireachta a léamh mar chuid den mhodúl. Beidh freastal rialta ar sheimineáir taighde na Scoile mar chuid lárnach den mhodúl seo chomh maith.

Show/hide contentOpenClose All

Curricular information is subject to change

Learning Outcomes:

Tar éis dóibh an modúl seo a chríochnú, ba cheart go mbeadh mic léinn in ann:

(i) sleachta gonta, soléite scríbhneoireachta de chineálacha éagsúla a sholáthar i nGaeilge chruinn;

(ii) sliocht dá gcuid féin a athscríobh chun cur lena éifeacht;

(iii) anailís a dhéanamh ar na scileanna scríbhneoireachta atá forbartha acu;

(iv) píosa leanúnach scríbhneoireachta (c. 5,000 focal) a chur ar fáil a bheadh oiriúnach le foilsiú.

Indicative Module Content:

Braithfidh ábhar an mhodúil seo ar réimsí speisialtóireachta na foirne agus ar thaithí na scríbhneoirí a stiúrann na ceardlanna seachtainiúla. Le linn an mhodúil seo, clúdófar:

- réimsí scríbhneoireachta éagsúla

- réimeanna teanga éagsúla

- cleachtais scríbhneoireachta éagsúla

- samplaí de shaothair litríochta ó sheánraí éagsúla

- tascanna scríbhneoireachta rialta

- bunscileanna eagarthóireachta a fhorbairt

- plé ar an bpróiseas foilsitheoireachta

- féinmhachnamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an mac léinn

- fóram plé sna ceardlanna

Student Effort Hours: 
Student Effort Type Hours
Seminar (or Webinar)

22

Specified Learning Activities

76

Autonomous Student Learning

102

Total

200

Approaches to Teaching and Learning:
Sa mhodúl seo, bainfear úsáid as:

- ceardlanna agus seimineáir

- piar-theagasc

- fóram plé

- foghlaim ghníomhach

- obair i ngrúpaí

- dréachtaí a ullmhú

- dialann foghlama

- foghlaim bunaithe ar thascanna scríbhneoireachta

- saothar leanúnach a dhréachtadh agus a fhorbairt 
Requirements, Exclusions and Recommendations
Learning Recommendations:

2.1 sa bhunchéim;
Gaeilge líofa;
Léitheoireacht fhairsing, sa Ghaeilge agus i dteanga[cha] eile


Module Requisites and Incompatibles
Not applicable to this module.
 
Assessment Strategy  
Description Timing Open Book Exam Component Scale Must Pass Component % of Final Grade
Continuous Assessment: Tascanna scríbhneoireachta rialta le linn an trimeastair Throughout the Trimester n/a Graded No

30

Journal: Dialann foghlama a choinneáil le linn an trimeastair Throughout the Trimester n/a Graded No

20

Project: Tionscnamh scríbhneoireachta, c. 5,000 focal Coursework (End of Trimester) n/a Graded No

50


Carry forward of passed components
Yes
 
Resit In Terminal Exam
Spring No
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 
Feedback Strategy/Strategies

• Feedback individually to students, on an activity or draft prior to summative assessment
• Feedback individually to students, post-assessment
• Group/class feedback, post-assessment

How will my Feedback be Delivered?

Measúnú leanúnach: Aiseolas don rang iomlán agus do gach mac léinn faoi seach i ndiaidh gach tasc. Dialann foghlama: Aiseolas ar líne trí Brightspace ag deireadh an trimeastair. Tionscnamh scríbhneoireachta: Comhairle ar dhréacht/plean scríbhneoireachta; Aiseolas do gach mac léinn ag deireadh an trimeastair.

Cruinnscríobh na Gaeilge, Ciarán Mac Murchaidh, Cois Life, Baile Átha Cliath, 2002.
Cuir Gaeilge Air, Antain Mac Lochlainn, Cois Life, Baile Átha Cliath, 2000.
Eats, shoots & leaves: the zero tolerance approach to punctuation, Lynne Truss, Profile, London, 2005.
Foclóir Gaeilge-Béarla, Niall Ó Dónaill, Oifig an tSoláthair, 1977.
English-Irish Dictionary, Tomás de Bhaldraithe, Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath, 1959.
Gearrchúrsa Gramadaí, Brian Mac Giolla Phádraig, Longman, Brún agus Ó Nualláin, Baile Átha Cliath
Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí, An Gúm, Baile Átha Cliath, 1999.
Gramadach gan stró!, Éamonn Ó Dónaill, Gaelchultúr, Baile Átha Cliath, 2008.
Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil, Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath,1979.
Haiku Enlightenment, Gabriel Rosenstock, Cambridge Scholars Publishing, Newcastle Upon Tyne, 2009.
In Ord is in Eagar, Antain Mac Lochlainn,Cois Life, Baile Átha Cliath, 2010.
Irish Grammar: A Basic Handbook, Nollaig Mac Congháil, Officina Typographica, 1988.
Maidir le do Litir, Séamus Daltún, An Gúm, Baile Átha Cliath, 1998.
Motherfoclóir, Darach Ó Séaghdha, Head of Zeus, Baile Átha Cliath, 2017.
Réchúrsa Gramadaí, Brian Mac Giolla Phádraig, Longman, Brún agus Ó Nualláin, Baile Átha Cliath.
Úrchúrsa Gaeilge, Dónaill P. Ó Baoill agus Éamonn Ó Tuathail, ITÉ, Baile Átha Cliath 1992.