Learning Outcomes:
Tar éis dóibh an modúl seo a chríochnú, ba cheart go mbeadh mic léinn in ann:
(i) sleachta gonta, soléite scríbhneoireachta de chineálacha éagsúla a sholáthar i nGaeilge chruinn;
(ii) sliocht dá gcuid féin a athscríobh chun cur lena éifeacht;
(iii) anailís a dhéanamh ar na scileanna scríbhneoireachta atá forbartha acu;
(iv) píosa leanúnach scríbhneoireachta (c. 5,000 focal) a chur ar fáil a bheadh oiriúnach le foilsiú.
Indicative Module Content:
Braithfidh ábhar an mhodúil seo ar réimsí speisialtóireachta na foirne agus ar thaithí na scríbhneoirí a stiúrann na ceardlanna seachtainiúla. Le linn an mhodúil seo, clúdófar:
- réimsí scríbhneoireachta éagsúla
- réimeanna teanga éagsúla
- cleachtais scríbhneoireachta éagsúla
- samplaí de shaothair litríochta ó sheánraí éagsúla
- tascanna scríbhneoireachta rialta
- bunscileanna eagarthóireachta a fhorbairt
- plé ar an bpróiseas foilsitheoireachta
- féinmhachnamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an mac léinn
- fóram plé sna ceardlanna