Learning Outcomes:
Ag deireadh an tSeimeastair Ghaeltachta:
1. Beidh ar chumas an scoláire é/í/iad féin a chur in iúl go soiléir cruinn beacht ó bhéal agus i scríbhinn.
2. Beidh ar a (g)c(h)umas freisin cuntas cruinn slachtmhar a thabhairt ar ghnéithe de chultúr na Gaeltachta agus den stór focal agus den saibhreas cultúir a bhaineann leis na gnéithe sin.
3. Beidh feasacht ag an scoláire ar theanga agus ar chultúr na Gaeltachta.
4. Beidh tuiscint ar leith aige/aici/acu ar thréithe sainiúla an phobail Ghaeltachta áirithe a mbeidh sé/sí/siad lonnaithe ann le linn an tseimeastair.
5. Beidh sé/sí/siad ábalta léirmheas ó bhéal agus i scríbhinn a dhéanamh ar na gnéithe seo.
6. Beidh an líofacht chuí ag an scoláire a chuirfidh ar a (g)c(h)umas páirt ghníomhach a ghlacadh i saol na Gaeilge go sóisialta, go gairmiúil agus go hacadúil.
7. Beidh na scileanna faisnéise cuí ag an scoláire a chuirfidh ar a (g)c(h)umas feidhmiú go héifeachtach trí mheán na Gaeilge san aonú haois is fiche.
8. Beidh ar chumas an scoláire féinmhachnamh agus féinluacháil a dhéanamh ar a (g)c(h)uid foghlama agus beidh tuiscint aige/aici/acu ar a ról féin i saol na Gaeilge.
9. Beidh na scileanna cuí ag an scoláire a chuirfidh ar a (g)c(h)umas leanúint ar aghaidh lena (bh)f(h)oghlaim neamhspleách i léann agus i gcultúr na Gaeilge.
Indicative Module Content:
Tabharfaidh an modúl seo aghaidh ar:
1. Saibhriú agus Scileanna Teanga
2. Scileanna Cumarsáide agus Cur i Láthair
3. Teicneolaíochtaí Aistriúcháin agus Teanga
4. Cultúr Dúchais na Gaeltachta
5. Pobal na Gaeltachta sa lá atá inniu ann
6. Tionscnamh Gaeltachta