Explore UCD

UCD Home >

IR30460

Academic Year 2026/2027

Litríocht Uladh (IR30460)

Subject:
Irish
College:
Arts & Humanities
School:
Irish, Celtic Stud & Folklore
Level:
3 (Degree)
Credits:
5
Module Coordinator:
Dr Fintan Keegan
Trimester:
Autumn
Mode of Delivery:
On Campus
Internship Module:
No
How will I be graded?
Letter grades

Curricular information is subject to change.

Díreofar ar na príomhchineálacha litríochta a cumadh i gCúige Uladh agus sna contaetha máguaird idir an 17ú haois agus lár na 19ú haoise, trí anailís a dhéanamh ar ghlacán téacsanna a scríobhadh i bhfoirm dáin, próis agus prosimetrum. Míneofar tábhacht na haoire i dtraidisiú(i)n scríofa na Gaeilge; agus léifear roinnt samplaí d’aortha Ultacha agus Míocha a ceapadh i ré na Nua-Ghaeilge, m.sh. dánta de chuid Pheadair Uí Dhoirnín, agus an mórshaothar ‘Comhairle Mhic Clamha ó Achadh na Muilleann’. De bhreis air seo, múinfear cúrsa bunúsach ar an bpailéagrafaíocht.

About this Module

Learning Outcomes:

Beidh tuiscint ag na mic léinn ar chomhthéacs cultúrtha shaothrú na litríochta idir 1650 agus 1850.
Beidh siad ábalta ar ábhar na litríochta, agus comhthéacs stairiúil agus cultúrtha na litríochta a bheachtú.
Beidh siad in ann aiste chuimsitheach a scríobh ar ábhar faoi leith a ndéanfar iniúchadh air sna léachtaí.
Beidh siad in ann ábhar a thras-scríobh ó lámhscríbhinní de chuid na 18ú hAoise agus na 19ú hAoise.
Beidh siad in ann plé a dhéanamh ar phríomhthréithe an téacs ‘Comhairle Mhic Clamha’, agus ar an gceangal atá aige le téacsanna Gaeilge eile a bhaineann leis an tréimhse chéanna.

Indicative Module Content:

Léifear, sa chúrsa seo, deascán téacsanna — idir fhilíocht is phrós — a cumadh i gCúige Uladh agus sna contaetha máguaird idir an 17ú haois agus an 19ú haois. Déanfar mionstaidéar ar ‘Comhairle Mhic Clamha’, saothar prosimetrum a cumadh sna blianta deiridh den 17ú haois, trína chur i gcomórtas le téacsanna aoracha eile ó ré na Nua-Ghaeilge.
Scrúdofar an múnla liteartha sin trí rainn agus amhrán, an nasc atá aige leis an mórcheantar seo agus le haortha na Gaeilge. De bhreis air sin, pléifear roinnt téacsanna a chum mórfhilí Oirialla san 18ú haois, agus an t-eolas is féidir a bhaint astu maidir le nósanna agus le luachanna na haoise sin.

The United Nations identified seventeen Sustainable Development Goals (SDGs) as core to the 2030 Agenda for Sustainable Development, and UCD contributes in general to SDG 4 Quality Education. Further SDGs explored within this module if relevant are listed below. A scale of 1 - 5 indicates the extent to which the SDG is covered.


 

Student Effort Hours:
Student Effort Type Hours
Specified Learning Activities

50

Autonomous Student Learning

28

Lectures

22

Total

100


Approaches to Teaching and Learning:
Cur chuige:
Léachtaí;
Scríbhneoireacht chriticeach;
Foghlaim mhachnamhach.

Gen AI Traffic Light System: Red.
[Fágann sé sin nach féidir 'generative AI' a úsáid le hábhar a chruthú i gcás an mhodúil seo. Ar ndóigh, níl aon bhac ar fhoclóirí leictreonacha, srl., a úsáid sa bhaile; ní ceadmhach iad a úsáid i scrúduithe].






Requirements, Exclusions and Recommendations
Learning Requirements:

Léamh agus Scríobh na Gaeilge; tuiscint ar an nGaeilge labhartha; taithí ar thaifead na Gaeilge.


Module Requisites and Incompatibles
Not applicable to this module.
 

Assessment Strategy
Description Timing Component Scale Must Pass Component % of Final Grade In Module Component Repeat Offered
Practical Skills Assessment: Scrúdú Ranga. Week 9 Alternative linear conversion grade scale 40% No
25
No
Assignment(Including Essay): Tras-scríbhinní Gairide 1-3: Trí thras-scríbhinn ghairide a bheidh le déanamh sa bhaile. Week 5, Week 7, Week 11 Alternative linear conversion grade scale 40% No
15
No
Exam (In-person): Scrúdú Cinn Cúrsa (dhá uair an chloig). End of trimester
Duration:
2 hr(s)
Alternative linear conversion grade scale 40% No
60
No

As part of UCD's student support, under the Additional Consideration policy, extensions may be available for the following assessments in the module: Assignment (including essay/poster), Portfolio, Reflective Assignment, Report(s), and Individual Project.


Carry forward of passed components
Yes
 

Resit In Terminal Exam
Spring No
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 

Feedback Strategy/Strategies

• Feedback individually to students, post-assessment

How will my Feedback be Delivered?

- Foilseofar gráid na scrúduithe ranga / na n-aistí ar Brightspace laistigh de 20 lá oibre i ndiaidh dháta an scrúdaithe féin / an spriocdháta. - Dáilfear an obair cheartaithe ar na mic léinn sna léachtaí.

Ní iarrfar ort téacsleabhar ar bith a cheannach sa mhodúl seo.

Soláthrófar ábhar léitheoireachta le linn don mhodúl a bheith ar siúl. Gheobhaidh sibh foinsí samplacha thíos.

de Rís, Seán. 1969. Peadar Ó Doirnín: A Bheatha agus a Shaothar. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.
Duffy, Joseph (eag.). 1965. ‘Comhairle Mhic Clamha ó Achadh na Muilleann’, Clogher Record 5(3), 307–47. [Leagan ceartaithe in Ó Dufaigh, Seosamh & Rainey, Brian E. 1981. Comhairle Mhic Clamha ó Achadh na Muilleann. Lille: Presses Universitaires de Lille].
Flower, Robin. 1992 [1926]. Catalogue of Irish Manuscripts in the British Library [formerly British Museum], Iml. 2. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.
Ó Baoill, Colm & Ó Dochartaigh, Cathair (eagí). 1996. Trí Rainn agus Amhrán: Cnuasach Filíochta. Béal Feirste: Lagan Press.
Ó Buachalla, Breandán (eag.). 1969. Peadar Ó Doirnín: Amhráin. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.
Williams, N. J. A. 1977–8. ‘Irish Satire and its Sources’, Studia Celtica 12–13, 217–246.
Williams, Nicholas. 2013. ‘Cineálacha Éagsúla Grinn sa Ghaeilge’ in O’Neill, Malachy & Uí Chollatáin, Regina (eagí), An Greann sa Ghaeilge, 1–21. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Soláthrófar tuilleadh foinsí le linn an chúrsa.

Timetabling information is displayed only for guidance purposes, relates to the current Academic Year only and is subject to change.
Autumn Lecture Offering 1 Week(s) - Autumn: All Weeks Mon 13:00 - 13:50
Autumn Lecture Offering 1 Week(s) - Autumn: All Weeks Wed 13:00 - 13:50