Show/hide contentOpenClose All
Curricular information is subject to change
Eolas ar thraidisiún agus ar stair na Gaeilge i gcúige Uladh, ar chaomhnú an traidisiúin, ar fhréamhacha, ar stair agus ar fhorbairt na litríochta, agus ar an athbheochan;
Eolas ar leith ar thraidisiún scolárthacht na mban i gCúige Uladh agus a ról in athbheochan agus i litríocht na Gaeilge;
A bheith ábalta measúnú criticiúil a dhéanamh ar shuíomh comhaimseartha Ghaeltacht Dhún na nGall i gcomhthéacs teanga agus eacnamaíochta;
A bheith ábalta anailís chriticiúil a scríobh agus measúnú a dhéanamh ar litríocht na Gaeilge i gcomhtheacs acadúil bunaithe ar staidéar an chúrsa ar sheánraí éagsúla scríbhneoireachta agus ar chaomhnú an traidisiúin;
A bheith ábalta comhthéacsú a dhéanamh agus scileanna léirmheastóireachta a fhorbairt ar éabhlóid agus ar chéimeanna fáis na Gaeilge in Uladh le céad caoga bliain anuas;
A bheith ábalta iniúchadh gearr a dhéanamh ar ról reatha na n-eagraíochtaí agus an phobail i sealbhú tanga agus i gcaomhnú cultúir i gcomhthéacs socheolaíoch agus domhanda;
A bheith ábalta cuntas acadúil ginearálta a scríobh ar thraidisiún amhránaíochta/ filíochta Uladh le fócas ar fhilí an ochtú haois déag;
A bheith ábalta léirmheas criticiúil a scríobh ag míniú ról na gcreideamh/ na n-inscní éagsúla i bhforbairt thraidisiún liteartha agus béil na Gaeilge le léargais ar leith ar thimpeallachtaí uirbeacha agus tuaithe.
A knowledge of the Irish language in the province of Ulster, dialects, roots, history and development, and revival;
A brief knowledge of Irish language women's scholarship and its role in the revival of Irish language and literature;
To be able to write a critical analysis and assess modern Irish language literature in an academic context based on the course content on the various genres spanning various writing and literary traditions;
To be able to contextualise and understand the developments of Irish language and literature in Ulster over the last 150 years and its current role in language acquisition and cultural preservation in a societal and global context;
To write a general academic account of Ulster song/poetry tradition with focus on 18th century poets;
To write a critical review explaining the role of all creeds/ genders in the development of the Ulster Irish language and literary tradition with specific insights on rural and urban environments.
*Cuspóir agus Forbhreathnú samplach an mhodúil
Díríonn an modúl seo ar thraidisiún teanga agus litríochta na Gaeilge i gCúige Uladh ó oirthear Aontrama go hiarthar Dhún na nGall. Déanfaidh an modúl comhthéacsú ar thraidisiún na Gaeilge i gcúige Uladh faoi thuiscintí ar stair agus ar chúlra litríocht na Gaeilge in Éirinn.
Cuirfear tús leis an modúl le forbhreathnú ar stair na Gaeilge le measúnú comhaimseartha ar threochtaí teanga agus ar dhearcthaí agus ar pheirspictíochtaí teanga faoi dhá théama ar leith:
1. Traidisiún liteartha na Gaeilge in Oirthear Uladh
2. Traidisiún liteartha na Gaeilge i lár agus in Iarthar Uladh
Cuirfear críoch leis an modúl le hanailís ar Ghaeilge Uladh i gcomhthéacs chlaontaí comhaimseartha teanga agus na bhféidearthachtaí d'Acht na Teanga i dTuaisceart Éireann. Déanfar anailís chríochnúil fosta ar atógáil Ghaeltacht Thír Chonaill agus ar shaibhreas oidhreacht na scéalaíochta béil agus na litríochta atá beo i gcónaí i gcaint bheo na ndaoine, i dtraidisiún na litríochta agus i gcultúr an phobail.
CUR CHUIGE TEAGAISC
a. Cad a fhoghlaimeoidh mé?
1. Stair na Gaeilge ó oileán Reachlainn go hOirialla agus Óméith, agus ar aghaidh go Ros Guill, Toraigh agus na hOileáin Árann, Gaoth Dobhair/ Rann na Feirste.
2. Scagadh ar fhilí an ochtú céad déag, Peadar Ó Doirnín, Séamas Dall Mac Cuarta, Art Mac Cumhaigh agus ar thraidisiún na hamhránaíochta in Oirialla (Pádraigín Ní Uallacháin, A Hidden Ulster, 2003).
3. Scríbhneoireacht na mban agus a dtionchar ar Thraidisiún Liteartha na nGael (Charlotte Brooke, Alice Milligan; Mná na nGlinntí Aontrama - Margaret Dobbs, Róise Ní Ógáin, Margaret Hutton).
3. Traidisiún liteartha na Gaeilge i lár agus in Iarthar Uladh
Stair na litríochta Gaeilge in Iarthar Uladh le céad caoga bliain anuas i gcomhthéács scríbhneoireacht na Gaeltachta agus sheánraí liteartha na Gaeilge le fócas ar leith ar úrscéal comhamseartha na Gaeilge (Titley/ Mac Congáil)
Forbhreathnú ar scríbhneoireacht iomráiteach ag leibhéal náisiúnta agus domhanda
*Enrí Ua Muirgheasa agus na paimfléidí grinn
*Clann Uí Nualláin (Brian agus Ciarán Ó Nualláin)
*Traidisiún na Gaeltachta: staidéar ginearálta ar shaothar Chlann Mhic Ghrianna agus an t-úrscéal Gaeltachta
*Caisleáin Óir (1928) ‘Máire’
*An Druma Mór (1969) Seosamh Mac Grianna
*Mo Bhealach féin 1940 [1965] Mac Grianna
*An t-úrscéal iar-nua-aoiseach
Cuaifeach mo Lon Dubh buí Séamas Mac Annaidh (1983)
4. An Ghaeilge Bheo: Scríbhneoirí comhaimseartha agus tograí teanga
5. Naisc idirnáisiúnta agus taighde comhaimseartha ar ghaeltacht Thír Chonaill.
Dörflinger, Torsten (2019), Beatha Teanga í a labhairt. Eine Studie zur Vitalität des Irischen in der Gaeltacht Donegal sim Spannungsfeld zwischen Language Shift und Sprachlicher Zukunftssicherung (Johannes Gutenberg-Universität Mainz)
Oideas Gael agus comhthéacs leathan idirnáisiúnta - foinsí ar líne agus eagraíochta domhanda (Beo.ie)
*Seans go mbeidh na téacsaí a ndéanfar staidéar orthu difriúil ó bhliain go bliain ach míneoidh an léachtóir a bhfuil le déanamh ag tús an chúrsa agus cuirfear na mic léinn ar an eolas ar na téacsaí a mbeidh staidéar á dhéanamh orthu don bhliain áirithe sin.
Student Effort Type | Hours |
---|---|
Lectures | 12 |
Specified Learning Activities | 12 |
Autonomous Student Learning | 76 |
Total | 100 |
Léamh agus Scríobh na Gaeilge
Learning Recommendations:Description | Timing | Component Scale | % of Final Grade | ||
---|---|---|---|---|---|
Essay: 2,500 focal aiste ar theanga agus ar thraidisiún litríochta in Uladh Thoir (Sprioc Seachtain 8) |
Week 8 | n/a | Standard conversion grade scale 40% | No | 50 |
Essay: 2,500 focal aiste ar theanga agus ar thraidisiún litríochta in Uladh Thiar agus i nGaeltacht Thír Chonaill | Coursework (End of Trimester) | n/a | Standard conversion grade scale 40% | No | 50 |
Resit In | Terminal Exam |
---|---|
Summer | No |
• Group/class feedback, post-assessment
Initially this will entail an overall feedback on essay structures and content. The feedback will also be given in a general overall review of the general standard. Corrected material will be returned to students and students can meet with the Module coordinator individually to receive individual feedback if they wish.