IR30450 An litríocht réigiúnach

Academic Year 2022/2023


Déanfar staidéar ar leabhair a tháinig ó pheann nó ó bhéal daoine a tógadh sa Ghaeltacht.
1. Fiche blian ag fás, a scríobh Muiris Ó Súilleabháin, a d'fhás suas ar an mBlascaod Mór i gCiarraí. Sa bhliain 1933 a foilsíodh an leabhar. Is leabhar é seo a scríobh fear óg i dtaobh a óige féin.
2. An Nollaig Thiar le Breandán Ó hEithir, leabhar mar gheall ar a óige in Árainn.
Cuirfear béim faoi leith ar an tslí ar spreag cuairteoirí ón taobh amuigh daoine ón nGaeltacht chun cur síos a thabhairt ar a saol.
Má tharlaíonn sé go mbeidh ceachtar den dá leabhar seo as cló, nó gan a bheith ar fáil ar chúis éigin, féadfar leabhair nó ábhar éigin eile a bhaineann le daoine ón nGaeltacht a chur ina n-áit.

Show/hide contentOpenClose All

Curricular information is subject to change

Learning Outcomes:

Ba cheart go mbeadh eolas ginearálta ag na mic léinn ar an gcineál saothair a tháinig ó dhaoine sa Ghaeltacht san fhichiú haois, agus ar an tslí ar spreag daoine ón taobh amuigh iad chun cuntas a thabhairt ar a saol féin, nó ar chuid dá saol.

Indicative Module Content:

Staidéar ar dhá leabhar a tháinig ó cheantair Ghaeltachta san fhichiú haois:

1. Fiche blian ag fás (1933) le Muiris Ó Súilleabháin ón mBlascaod Mór.

2. An Nollaig Thiar (1989) le Breandán Ó hEithir.

Student Effort Hours: 
Student Effort Type Hours
Lectures

0

Small Group

120

Total

120

Approaches to Teaching and Learning:
Léifear sleachta as na leabhair sa rang agus pléifear a bhfuil iontu. Cuirfear nótaí ar fáil i dtaobh na n-údar agus na daoine a spreag iad chun a scéal féin a insint. 
Requirements, Exclusions and Recommendations

Not applicable to this module.


Module Requisites and Incompatibles
Not applicable to this module.
 
Assessment Strategy  
Description Timing Open Book Exam Component Scale Must Pass Component % of Final Grade
Examination: Scrúdú ag deireadh an trimeastair. 2 hour End of Trimester Exam No Standard conversion grade scale 40% No

60

Assignment: Aiste ar ghné d'ábhar an mhodúil. Week 8 n/a Standard conversion grade scale 40% No

40


Carry forward of passed components
Yes
 
Resit In Terminal Exam
Autumn Yes - 2 Hour
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 
Feedback Strategy/Strategies

• Feedback individually to students, post-assessment
• Group/class feedback, post-assessment

How will my Feedback be Delivered?

Cuirfear aiseolas ar fáil do na mic léinn chomh luath agus is féidir tar éis do phíosa éigin measúnaithe a bheith grádaithe. Cuirfidh sé seo ar chumas na mac léinn úsáid a bhaint as an gcomhairle áirithe sin.