Learning Outcomes:
Ag deireadh an mhodúil seo ba cheart go mbeadh sé ar chumas an mhic léinn:
Sleachta as cáipéisí dlí atá níos dúshlánaí ó thaobh na gramadaí agus na comhréire de a aistriú go Gaeilge
Sleachta ina bhfuil téarmaíocht choitianta agus frásaí coitianta a aistriú gan chúnamh ó fhoclóir ná ó áiseanna ar líne
Léamh profaí agus anailís chriticiúil a dhéanamh ar aistriúcháin ar reachtaíocht agus ar cháipéisí dlí
Rialacha casta gramadaí a chur i bhfeidhm agus a mhíniú i gcáipéisí dlí agus botúin gramadaí agus botúin bhunúsacha téarmaíochta a cheartú
Ba cheart freisin go mbeidh tuiscint ghinearálta ag mic léinn maidir le beartas teanga na hÉireann maidir le cáipéisí dlí a chur ar fáil i nGaeilge agus beartas an Aontais Eorpaigh i leith mionteangacha
Ullmhú do na tástálacha síciméadracha a úsáidtear mar chuid de phróiseas earcaíochta and AE d'aistritheoirí.
Indicative Module Content:
Díreofar ar théacsanna dlí, ionstraimí reachtúla, achtanna srl a aistriú
Díreofrar ar mhic léinn a ullmhú le haghaidh postanna mar dhlítheangeolaithe / aistritheoirí gairmiúla