Show/hide contentOpenClose All
Curricular information is subject to change
Faoi dheireadh an mhodúil ba chóir go mbeadh mic léinn in ann:
1. Gaeilge na hAlban a aithint agus a úsáid ar leibhéal bunúsach i gcomhthéacs scileanna tuisceana sa teanga (éisteacht, labhairt, agus léitheoireacht).
2. Téacsanna simplí i nGaeilge na hAlban a léamh agus achoimre a thabhairt orthu ó bhéal agus i scríbhinn i nGaeilge na hÉireann.
3. Achoimre chruinn a thabhairt ar bhrí ábhar fuaime i nGaeilge na hAlban.
4. Cuntas a thabhairt ó bhéal agus i scríbhinn ar imlíne stair chultúrtha Ghaeilge na hAlban ar gach taobh den Atlantach suas go dtí an lá inniu.
• Gníomhfhoghlaim trí chomhrá agus trí chomhoibriú le chéile aghaidh ar aghaidh.
• Mionscrúdú a dhéanamh ar théacsanna fuaime agus scríofa.
• Taighde aonair ar áiseanna ar líne.
• Soiléiriú ar éagsúlacht teanga na Gàidhlig agus a cultúir dúchasacha i gcás na hAlban agus a diaspóra.
• Léachtaí ar stair na teanga in Albain agus i Meiriceá Thuaidh.
Student Effort Type | Hours |
---|---|
Lectures | 22 |
Autonomous Student Learning | 80 |
Total | 102 |
Caighdeán maith i nGaeilge na hÉireann, i.e. pas ar a laghad in IR10040 (Teanga na Gaeilge I) nó a chomhionann, ach b'fhearr pas ar a laghad in IR20180 (Teanga na Gaeilge IIA) agus in IR20010 (Teanga na Gaeilge IIB).
Description | Timing | Component Scale | % of Final Grade | ||
---|---|---|---|---|---|
Examination: Scrúdú (agus cead foclóir a úsáid) bunaithe ar aistriúchán agus tras-scríbhinní ar mheascán de théacsanna agus taifeadtaí i nGaeilge na hAlban. | Unspecified | Yes | Graded | No | 25 |
Assignment: Gearrscéal i nGaeilge na hAlban — 500 focal. | Unspecified | n/a | Graded | No | 20 |
Practical Examination: Scrúdú cainte / cluas éisteachta trí mhéan Ghaeilge na hAlban (taifeadfar caint shimplí / míreanna comhrá agus léitheoireacht tofa, agus déanfar tras-scríbhinn ó thaifead fuaime. | Coursework (End of Trimester) | n/a | Graded | No | 30 |
Assignment: Aiste ghearr taighde faoi stair, litríocht nó faoi bhéaloideas Ghaeilge na hAlban – 850 focal. | Unspecified | n/a | Graded | No | 25 |
Resit In | Terminal Exam |
---|---|
Spring | No |
• Group/class feedback, post-assessment
Students will receive a general overall class based feedback via email or in class. Students can then meet individually with the module coordinator to receive individual feedback if they wish.