IR30350 Aistriúchán Dlíthiúil: I

Academic Year 2022/2023

Students will need a laptop and Wifi connection to participate fully in this module.


Tá an cúrsa seo dírithe ar mhic léinn tríú bliana ar an BCL Dlí le Gaeilge atá ag iarraidh obair mar aistritheoirí dlíthiúla nó mar dhlítheangeolaithe in Éirinn nó san Aontas Eorpach. Beidh sé mar aidhm ag an gcúrsa tógáil ar an oiliúint maidir le cruinneas teanga i gcomhthéacs an dlí a fuair mic léinn sa dara bliain agus tuiscint níos doimhne a thabhairt dóibh ar ról an dlítheangeolaí. Leanfaidh mic léinn ar aghaidh ag déanamh cleachtaí gramadaí agus comhréire i dtéacsanna dlí. Ina theannta sin, beidh an ghrinnléitheoireacht ar an reachtaíocht ina dlúthchuid den mhodúl. Léifear giotaí fada reachtaíochta le dul i dtaithí ar fhrásaí coitianta a úsáideann aistritheoirí dlíthiúla agus dlítheangeolaithe. Scagfar an fheidhm éagsúil atá ag codanna éagsúla den reachtaíocht - sainmhínithe, luanna, aithrisí, srl. – mar aon le héifeacht na feidhme ar an bhfriotal teanga. Déanfar anailís ar ról an dlítheangeolaí san Aontas Eorpach i dtaca le téacsanna Gaeilge a oiriúnú don bhuntéacs Béarla agus ardcháilíocht na reachtaíochta a áirithiú trí rialacha dréachtaithe a chur i bhfeidhm. Tabharfar neart cleachtaí do mhic léinn ar an dá scil sin le linn an mhodúil. Leagfar an phríomhbhéim ar théacsanna Gaeilge a leasú de réir leasuithe sa bhuntéacs Bhéarla a thagann i gceist mar chuid den phróiseas reachtóireachta. Ach tabharfar cleachtaí do mhic léinn freisin ar na príomhrialacha dréachtaithe a chuireann dlítheangeolaithe i bhfeidhm. Má éiríonn leat sa mhodúl seo sa tríú bliain, beidh tú in ann tabhairt faoi IR 40390 Dlí agus Aistriúchan I sa chéad seimeastar den cheathrú bliain.

Show/hide contentOpenClose All

Curricular information is subject to change

Learning Outcomes:

Ag deireadh an mhodúil seo ba cheart go mbeadh sé ar chumas an mhic léinn:
Téacsanna reachtacha i mBéarla agus i nGaeilge a chur i gcomparáid gan an iomarca stró
Feidhm codanna éagsúla den reachtaíocht a mhíniú agus an friotal teanga a oiriúnú don fheidhm sin
Rialacha casta gramadaí agus comhréire a chur i bhfeidhm i dtéacsanna dlí
Anailís a dhéanamh ar ról an dlítheangeolaí san Aontas Eorpach
Téacs reachtach Gaeilge a leasú de réir na leasuithe sa bhuntéacs Béarla
Aistriúchán Gaeilge ar théacs reachtach Béarla a sheiceáil le bheith cinnte go bhfuil siad de réir a chéile ó thaobh brí de
Bunrialacha dréachtaithe a chur i bhfeidhm le feabhas a chur ar théacs reachtach.

Indicative Module Content:

Aistriúchán dlíthiúil; obair phraiticiúil;

Student Effort Hours: 
Student Effort Type Hours
Lectures

24

Specified Learning Activities

24

Autonomous Student Learning

52

Total

100

Approaches to Teaching and Learning:
Obair phraiticiúil; léachtaí ar líne; plé agus machnamh; 
Requirements, Exclusions and Recommendations

Not applicable to this module.


Module Requisites and Incompatibles
Pre-requisite:
IR20260 - Aistriúchán Dlíthiúil Intro


 
Assessment Strategy  
Description Timing Open Book Exam Component Scale Must Pass Component % of Final Grade
Continuous Assessment: Ceachtanna rialta Varies over the Trimester n/a Standard conversion grade scale 40% No

25

Examination: Scrúdú scríofa Week 12 No Standard conversion grade scale 40% No

50

Essay: Aiste ar ról an dlítheangeolaí Coursework (End of Trimester) n/a Standard conversion grade scale 40% No

25


Carry forward of passed components
No
 
Resit In Terminal Exam
Spring No
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 
Feedback Strategy/Strategies

• Feedback individually to students, post-assessment
• Group/class feedback, post-assessment

How will my Feedback be Delivered?

Aiseolas rialta tríd an ríomhphost agus go pearsanta

Name Role
Katie Hallinan Lecturer / Co-Lecturer
Louise Mahon Lecturer / Co-Lecturer
Ms Máire McCafferty Lecturer / Co-Lecturer
Mr Eoin McEvoy Lecturer / Co-Lecturer
Dr Colette Nic Aodha Lecturer / Co-Lecturer
Ms Órla Ní Chuilleanáin Lecturer / Co-Lecturer