Learning Outcomes:
Ba cheaart go mbeadh sé ar chumas an scoláire:
Gaeilge chanúnach a thuiscint;
saineolas ar aon chanúint amháin a léiriú;
tabhairt faoi ghrinn-éisteacht;
rangú a dhéanamh ar an teanga ó thaobh na gramadaí agus na canúneolaíochta de;
Gaeilge chaighdeánach a chur i gcomparáid le Gaeilge chanúnach;
fuaimeanna na canúna a léiriú;
cur i láthair i nGaeilge chruinn líofa a dhéanamh.
Indicative Module Content:
Ba cheart go mbeadh ardchaighdeán Gaeilge ag an scoláire a thabharfas faoin modúl seo.
Ba cheart go mbeadh an-chur amach ag an scoláire ar Ghaeilge chanúnach agus ar Ghaeilge chaighdeánach.
Beidh an scoláire ag diriú ar thaifid de seanchainteoirí dúchais.
Beidh ar an scoláire anailís a dhéanamh ar Ghaeilge na gcainteoirí ó cheantar áirithe.
Beidh ar an scoláire an Ghaeilge chanúnach a chur i gcomparáid leis an nGaeilge chaighdeánach.