Learning Outcomes:
Ba cheart go mbeadh sé ar chumas an mhic léinn:
Gaeilge chanúnach a thuiscint agus tuairisc a thabhairt ar an bhfocal labhartha;
saineolas ar aon chanúint amháin a léiriú;
Gaeilge chaighdeánach a chur i gcomparáid le Gaeilge chanúnach;
blas canúnach a léiriú ar a gcuid cainte;
cur i láthair i nGaeilge chruinn líofa a dhéanamh.
Indicative Module Content:
Ba cheart go mbeadh ardchaighdeán Gaeilge ag an mac léinn a thabharfas faoin modúl seo.
Ba cheart go mbeadh an-chur amach ag an mac léinn ar Ghaeilge chanúnach agus ar Ghaeilge chaighdeánach.
Beidh an mac léinn ag diriú ar thaifid de seanchainteoirí dúchais.
Beidh ar an mac léinn anailís a dhéanamh ar Ghaeilge na gcainteoirí ó cheantar áirithe.
Beidh ar an mac léinn an Ghaeilge chanúnach a chur i gcomparáid leis an nGaeilge chaighdeánach.