Explore UCD

UCD Home >

IR30090

Academic Year 2026/2027

Teangeolaíocht na Gaeilge: anailís ar an teanga féin (IR30090)

Subject:
Irish
College:
Arts & Humanities
School:
Irish, Celtic Stud & Folklore
Level:
3 (Degree)
Credits:
5
Module Coordinator:
Dr Connor McCabe
Trimester:
Spring
Mode of Delivery:
On Campus
Internship Module:
No
How will I be graded?
Letter grades

Curricular information is subject to change.

Pléann an modúl seo le mionscrúdú teangeolaíochta na Gaeilge, an fhoghraíocht/fhóineolaíocht, an chomhréir/mhoirfeolaíocht, an t-athrú stairiúil, agus an tsochtheangeolaíocht san áireamh. Leagtar béim ar smaoineamh criticiúil córasach i dtreo na teanga, agus í faoi anailís eolaíoch, agus ar an nGaeilge a fheiscint i gcomhthéacs theangacha an domhain. Glactar leis nach mbeidh cur amach ar an teangeolaíocht ag an gcuid is mó díobh siúd a chláraíonn don mhodúl; tiocfaidh na mic léinn i dtaithí ar bhunchoincheapa na teangeolaíochta, a mhíneofar de réir a chéile.

Ní cheadaítear úsáid na hIntleachta Saorga Giniúnaí (Generative Artifical Intelligence) i gcomhair aon phíosa de chuid mheasúnú an mhodúil seo, cé go bhfuil cead ag mic léinn úsáid a bhaint as uirlisí eagarthóireachta (amhail spell- nó grammar-checkers) atá bunaithe ar an Intleacht Shaorga níos ginearálta. Tá an-tábhacht ag baint le forbairt na smaointeoireachta criticiúla agus scileanna um struchturú argóintí/anailíse i gcomhthéacs na teangeolaíochta sa mhodúl, rud a bhíonn lárnach don scrúdú, agus goideann úsáid na hISGin croí-dheiseanna lárnacha uimpi sin ón mhac léinn. Is féidir go n-iarrfaidh an comhordaitheoir comhrá leis an mac léinn chun a gcur amach ar an obair atá curtha isteach acu, agus scileanna/coincheapa ábhartha, a scrúdú, agus is féidir go mbeidh tionchar aige seo ar an ngrád a mbronnfar ar an obair.

About this Module

Learning Outcomes:

Ag deireadh an mhodúil, má théann siad i ngleic leis na léachtaí, na ranganna teagaisc, an léitheoireacht, agus an measúnu, beidh na mic léinn in ann:

1. Tuiscint choincheapach agus smaointeoireacht na teangeolaíochta a thaispeáint/úsáid i leith na Gaeilge.

2. Comparáid chórasach a dhéanamh idir chanúintí na Gaeilge, agus idir an Ghaeilge is teangacha eile.

3. Dul i ngleic le hanailís agus litríocht teangeolaíochta ar bhonn neamhspleách chun a gcuid eolais/tuisceana a fheabhsú.

Indicative Module Content:

Is féidir go leasófar ábhair bheachta na seachtainí le linn an trimeastair, ach seo thíos a chlúdófar sa mhodúl:

Seachtain 1 - Bunchoincheapa sa Teangeolaíocht; An Forordaitheachas agus an Tuairisciúlachas
Seachtain 2 - An Fhoghraíocht (Fuaimeanna na hurlabhra)
Seachtain 3 - An Fhóineolaíocht (Eagrú na gcatagóirí fuaime)
Seachtain 4 - An Mhoirfeolaíocht (Struchtúr na bhfocal)
Seachtain 5 - An Chomhréir (Struchtúr na bhfrásaí)
Seachtain 6 - An tSochtheangeolaíocht (Éagsúlacht teanga i gcomhthéacs na sochaí)
Seachtain 7 - Sealbhú an Chéad Teanga
Seachtain 8 - Sealbhú an Dara Teanga
Seachtain 9 - An tAthrú Stairiúil & an Éagsúlacht Reatha
Seachtain 10 - Iompú/Malartú Teanga & Polasaí
Seachtain 11 - Súil siar; Fiúntas na teangeolaíochta i ngnáthshaol an Ghaeilgeora
Seachtain 12 - Ullmhú don Scrúdú

Tuigtear go mbeidh cás agus carachtar na Gaeilge luaite le ceachtar desna hábhair thuas-luaite.

UNESCO highlights a set of key competencies that support individuals in their development and support society in achieving the UN Sustainable Development Goals (SDGs). UCD has adapted these competencies and is combining them with others to form a general framework of learning competencies. This module will help you develop the competencies below to the levels specified. 
Learning Competency Additional Information Level

Critical Thinking

The ability to question norms, practices and opinions; to reflect on one’s own values, perceptions and actions. Competent

Systems Thinking

The ability to recognize and understand relationships; to analyse complex systems; to think of how systems are embedded within different domains and different scales; and to deal with uncertainty. Competent

Self-awareness

The ability to reflect on one’s own role in the local community and (global) society; to continually evaluate and further motivate one’s actions; and to deal with one’s feelings and desires. Competent

The United Nations identified seventeen Sustainable Development Goals (SDGs) as core to the 2030 Agenda for Sustainable Development, and UCD contributes in general to SDG 4 Quality Education. Further SDGs explored within this module if relevant are listed below. A scale of 1 - 5 indicates the extent to which the SDG is covered.


 

Student Effort Hours:
Student Effort Type Hours
Specified Learning Activities

26

Autonomous Student Learning

50

Lectures

12

Tutorial

12

Total

100


Approaches to Teaching and Learning:
Pléifear ábhair éagsúla teangeolaíochta de réir a chéile sna léachtaí, mar aon le modhanna taighde.

Sna ranganna teagaisc, beidh deiseanna ag na mic léinn (i) tacaíocht agus scafláil a fháil dá gcuid mheasúnaithe, (ii) triail a bhaint as roinnt modhanna taighde ábhartha, agus (iii) topaicí an mhodúil a phlé. Is gá freastal ar na ranganna teagaisc chun dul go hiomlán i ngleic leis an measúnú.

Requirements, Exclusions and Recommendations
Learning Recommendations:

Ba chóir go mbeidh ardchaighdeán tuisceana, labhartha, agus scríofa sa Ghaeilge ag an mac léinn a chláraíonn don mhodúl seo, toisc go bpléann sé le dioscúrsa eolaíochta trí mheán na teanga sin. Beidh ar mhic léinn roinnt ábhar a léamh i mBéarla agus a bheith ábalta coincheapa ábhartha ag eascairt astu a phlé i nGaeilge.


Module Requisites and Incompatibles
Incompatibles:
IR40210 - Teangeolaíocht na Gaeilge


 

Assessment Strategy
Description Timing Component Scale Must Pass Component % of Final Grade In Module Component Repeat Offered
Assignment(Including Essay): Aiste 1500-2000 focal ag déanamh comparáide teangeolaíochta idir an Ghaeilge agus teanga amháin eile. Cuirfidh tascanna sna ranganna teagaisc le scafláil an taisc seo de réir a chéile. Week 7 Graded No
25
No
Assignment(Including Essay): Cleachtadh praiticiúil le roinnt modhanna taighde teangeolaíochta, agus rogha idir thrí ábhar ag an mac léinn. Cuirfear tacaíocht ar fáil sna ranganna teagaisc. Week 12 Graded No
25
No
Exam (In-person): Scrúdú scríofa dírithe ar ábhair teangeolaíochta maidir leis an nGaeilge pléite le linn an mhodúil. End of trimester
Duration:
2 hr(s)
Graded No
50
No

Carry forward of passed components
Yes
 

Resit In Terminal Exam
Autumn Yes - 2 Hour
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 

Feedback Strategy/Strategies

• Feedback individually to students, on an activity or draft prior to summative assessment
• Feedback individually to students, post-assessment
• Group/class feedback, post-assessment

How will my Feedback be Delivered?

Tabharfar aiseolas do mhic léinn i ndiaidh a gcuid píosaí mheasúnaithe a bheith curtha isteach, idir foirm scríofa don duine aonair agus plé sa rang. Beidh deiseanna ag an mac léinn dréacht(aí) a thaispeáint don chomhordaitheoir chun comhairle a fháil roimh an obair a chur isteach.

Tabharfar moltaí léitheoireachta dosna mhic léinn le linn an trimeastair, ach seo thíos foinsí samplála a mbeidh ina gcabhair:

Ó Raghallaigh, B. 2014. Fuaimeanna na Gaeilge. Cois Life.

Ó hIfearnáin, T. (Eag.). 2019. An tSochtheangeolaíocht: Taighde & Gníomh. Cois Life.

Genetti, C. (Eag.). 2014/2021. How Languages Work: An Introduction to Language & Linguistics. Cambridge University Press.

Timetabling information is displayed only for guidance purposes, relates to the current Academic Year only and is subject to change.
Spring Lecture Offering 1 Week(s) - 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 29, 30, 31, 32, 33 Fri 13:00 - 13:50
Spring Lecture Offering 1 Week(s) - 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 29, 30, 31, 32, 33 Tues 13:00 - 13:50