Learning Outcomes:
Ag deireadh an mhodúil, má théann siad i ngleic leis na léachtaí, na ranganna teagaisc, an léitheoireacht, agus an measúnu, beidh na mic léinn in ann:
1. Tuiscint choincheapach agus smaointeoireacht na teangeolaíochta a thaispeáint/úsáid i leith na Gaeilge.
2. Comparáid chórasach a dhéanamh idir chanúintí na Gaeilge, agus idir an Ghaeilge is teangacha eile.
3. Dul i ngleic le hanailís agus litríocht teangeolaíochta ar bhonn neamhspleách chun a gcuid eolais/tuisceana a fheabhsú.
Indicative Module Content:
Is féidir go leasófar ábhair bheachta na seachtainí le linn an trimeastair, ach seo thíos a chlúdófar sa mhodúl:
Seachtain 1 - Bunchoincheapa sa Teangeolaíocht; An Forordaitheachas agus an Tuairisciúlachas
Seachtain 2 - An Fhoghraíocht (Fuaimeanna na hUrlabhra)
Seachtain 3 - An Fhóineolaíocht (Eagrú na gCatagóirí Fuaime)
Seachtain 4 - An Mhoirfeolaíocht (Struchtúr na bhFocal)
Seachtain 5 - An Chomhréir (Struchtúr na bhFrásaí)
Seachtain 6 - An tSochtheangeolaíocht (Teanga i gcomhthéacs na sochaí)
Seachtain 7 - Sealbhú an Chéad Teanga
Seachtain 8 - Sealbhú an Dara Teanga
Seachtain 9 - An tAthrú Stairiúil & an Éagsúlacht Reatha
Seachtain 10 - Aistriú agus Polasaí Teanga
Seachtain 11 - Athbhreithniú
Tuigtear go mbeidh cás agus carachtar na Gaeilge luaite le ceachtar desna hábhair thuas-luaite. Baineann uimhriú na seachtainí le seachtainí teagaisc de chuid an mhodúil (.i. is féidir nach réiteofar le uimhriú seachtainí an trimeastair, ag braith ar socrúcháin ag leibhéal na Scoile).