IR30030 Teanga na Gaeilge III B (Irish language III B)

Academic Year 2024/2025

Cuirfidh an modúl seo lena bhfuil foghlamtha ag na mic léinn sna modúil teanga ar ghlac siad páirt iontu cheana, agus rachfar ar aghaidh go dtí an leibhéal cumais is dual don chéimí sa Nua-Ghaeilge.

Is éard a bheidh sa teagasc ná cumasc de léachtaí gramadaí, ranganna teagaisc gramadaí agus ranganna teanglainne/comhrá.

Sna léachtaí agus sna ranganna teagaisc gramadaí, díreofar go háirithe ar na téamaí gramadaí seo a leanas:
- an Tuiseal Ginideach; Tuiseal Ainmneach in ionad an Ghinidigh;
- an clásal coibhneasta;
- clásal coibhneasta na copaile
- an t-ainmfhocal teibí; an t-ainmfhocal teibí céime

Tá sé i gceist go mbeidh cúrsa cónaitheach seachtaine sa Ghaeltacht, le linn Bhriseadh an Earraigh, mar chuid den mhodúl seo agus déanfar measúnú ar an méid a d'fhoghlaim na mic léinn le linn an chúrsa sin.

Má éiríonn le mac léinn grád C nó níos airde a bhaint amach sa mhodúl seo, is ionann sin agus leibhéal B2.2 a bhaint amach ar an CEFR.

Show/hide contentOpenClose All

Curricular information is subject to change

Learning Outcomes:

Beidh leibhéal maith cumais ag na mic léinn i ngnéithe éagsúla de chóras teanga na Gaeilge: comhréir, deilbhíocht agus fuaimniú.
Beidh tuiscint mhaith acu ar na téamaí gramadaí atá luaite leis an modúl seo go sonrach.

Indicative Module Content:

Is iad na príomhphointí gramadaí a ndíreofar orthu sa mhodúl seo ná:

- an Tuiseal Ginideach; Tuiseal Ainmneach in ionad an Ghinidigh;
- an clásal coibhneasta;
- an chopail; clásal coibhneasta na copaile
- an t-ainmfhocal teibí; an t-ainmfhocal teibí céime



Student Effort Hours: 
Student Effort Type Hours
Lectures

24

Specified Learning Activities

24

Autonomous Student Learning

100

Total

148

Approaches to Teaching and Learning:
Beidh an rang ar fad i láthair ag lánseisiún gramadaí (plenary) agus déanfar cleachtadh i ngrúpaí beaga (ranganna teagaisc) ar na pointí gramadaí a pléadh sa lánseisiún sin.

Déanfar labhairt na Gaeilge, agus éisteacht le hábhar fuaime i nGaeilge, a chleachtadh sna ranganna teanglainne faoi stiúir teagascóra.

Beidh réimse leathan acmhainní ar fáil ar Brightspace a chabhróidh leis na mic léinn sna cuspóirí foghlama atá rompu.

Moltar go láidir do na mic léinn bheith ag léamh leo sa Ghaeilge, éisteacht le hacfainní craolta sa Ghaeilge agus an teanga a labhairt lasmuigh den chomhthéacs teagaisc.

Déanfar anailís agus eagarthóireacht ar shleachta áirithe Gaeilge ina bhfuil pointí teanga casta le go bhforbrófar scileanna teanga na mac léinn tuilleadh

 
Requirements, Exclusions and Recommendations
Learning Requirements:

Teanga na Gaeilge IIB must have been passed without compensation

Each student must have attended the Cúrsa Gaeltachta in Teanga na Gaeilge IIB.


Module Requisites and Incompatibles
Incompatibles:
IR10070 - Teanga agus Saíocht I, IR10080 - Teanga agus Saíocht II, IR20100 - Diop Teanga agus Saíocht III, IR20110 - Diop Teanga agus Saíocht IV


 
Assessment Strategy  
Description Timing Open Book Exam Component Scale Must Pass Component % of Final Grade
Assignment(Including Essay): Measúnú leanúnach sa Teanglann/sna ranganna comhrá i rith an trimeastair n/a Alternative linear conversion grade scale 40% No

20

Exam (In-person): Scrúdú Lár Téarma n/a Alternative linear conversion grade scale 40% No

15

Exam (In-person): Scrúdú Cainte i rith Sheachtain 13 n/a Alternative linear conversion grade scale 40% No

15

Exam (In-person): Scrúdú Cinn Cúrsa n/a Alternative linear conversion grade scale 40% No

50


Carry forward of passed components
No
 
Resit In Terminal Exam
Autumn Yes - 2 Hour
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 
Feedback Strategy/Strategies

• Group/class feedback, post-assessment

How will my Feedback be Delivered?

Students will receive a general overall class based feedback via email or in class. Students can then meet individually with the module coordinator to receive individual feedback if they wish.

Gramadach gan Stró

Foclóir de Bhaldraithe

Foclóir Uí Mhianáin

Foclóir Uí Dhónaill

An Caighdeán Oifigiúil, 2017

Leabhar ficsin a mholfar

Name Role
Mr Eoin McEvoy Lecturer / Co-Lecturer