Learning Outcomes:
Beidh eolas ag na mic léinn ar theanga na Scéalta Rómánsacha. Beidh siad ábalta teanga na dtéacsanna a léitear sa mhodúl a chur i gcomparáid le teanga na Gaeilge sa lá atá inniu ann agus gheobhaidh siad tuiscint níos fearr ar ghramadach na Nua-Ghaeilge mar gheall air seo.
Beidh tuiscint acu ar fhoinsí na scéalta agus ar an tábhacht a bhaineann leis na scéalta ó thaobh ábhair de.
Beidh tuiscint acu ar an tábhacht a bhaineann leis na scéalta Rómánsacha ó thaobh oidhreacht liteartha na Gaeilge de.
Beidh siad in ann an t-eolas sin a chur ag obair in aon staidéar nó machnamh a dhéanfaidh siad feasta ar litríocht na Gaeilge.
Indicative Module Content:
Sa chéad chuid den mhodúl, pléifear cúlra, teanga agus mórthréithe na scéalta rómánsacha; agus léifear sleachta gairide as téacsanna.
Ina dhiaidh sin, léifear dhá théacs iomlána. Úsáidfear leaganacha clóite de na scéalta: ní bheidh saineolas ar léamh lámhscríbhinní ag teastáil le tabhairt faoin modúl seo.