IR20290 Iriseoireacht & Scríbhneoireacht

Academic Year 2022/2023

Bunús;
Pléifear éabhlóid na hiriseoireachta Gaeilge mar choincheap agus mar chleachtadh cumarsáide agus ríomhfar stair na hiriseoireachta ó bhunú an chéad irisleabhar Gaeilge Bolg an tSolair i 1795 anuas go dtí an comhthéacs comhaimseartha le hiliomad fóram d'fhorbairtí iriseoireachta. Forbrófar ar scileanna scríbhneoireachta trí chleachtaí rialta i seánraí éagsúla, mar shampla, prós, iriseoireacht, filíocht, aistriúcháin ar phíosaí litríochta, dráma, scripteanna teilifíse, blaganna, iriseoireacht ar líne. Forbrófar scileanna machnaimh agus scríbhneoireachta tríd an bhfreastal ar sheimineáir éagsúla taighde agus litríochta.

Cur chuige:
1. Pléifear cúlra, céimeanna tosaigh, agus forbairtí iriseoireachta ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta;
2. Féachfar agus déanfar scrúdú agus léitheoireacht ar ábhar iriseoireachta le céad bliain anuas le béim ar leith ar chúrsaí teanga agus ar na hábhair éagsúla a clúdaíodh in irisí agus i nuachtáin an fhichiú haois;
3. Déanfar cleachtadh ar scileanna iriseoireachta agus scríbhneoireachta trí shleachta a réiteach le cur i gcló in irisí éagsúla/ i bhfóraim éagsúla i rith an chúrsa;
4. Féachfar ar na féidearthachtaí iriseoireachta i gcomhthéacs na bhfionnachtan nua-aimseartha agus na bhfóram tionscnach cló, craolta, agus ar líne. Ríomhfar tairbhe na bhfoinsí seo mar fhoinsí taighde don scoláire agus don iriseoir comhaimseartha;
5. Freastalóidh mic léinn ar sheimineáir thaighde na Scoile &/nó ar sheimineáir agus ar ócáidí taighde nó litríochta molta agus cuirfear na mic léinn ar an eolas faoi na seimineáir seo ag tús an mhodúil.

Show/hide contentOpenClose All

Curricular information is subject to change

Learning Outcomes:

1.Eolas ar phointí stairiúla ar leith, ar bhunchlocha, ar thréimhsí, ar ábhar, ar stíl, ar mhodhanna eagarthóireachta agus ar phearsana stairiúla na hiriseoireachta Gaeilge;
2. Forbairt ar scileanna scríbhneoireachta i seánraí éagsúla, prós, iriseoireacht, filíocht, aistriúcháin ar phíosaí litríochta, dráma, scripteanna teilifíse, blaganna, iriseoireacht ar líne.
3. Scileanna eagarthóireachta ar alt a scríobhadh roimh 1910 a chur in oiriúint do Ghaeilge an lae inniu;
4. Bheith ábalta aiste anailíseach a scríobh ar chúlra na meán Gaeilge cló i gcomhthéacs na bhforbairtí iriseoireachta le dhá chéad bhliain anuas;
5. Forbairt ar scileanna cumarsáide trí chur i láthair a réiteach agus a dhéanamh mar chuid den tionscnamh;
6. Scileanna iriseoireachta a fhorbairt trí chleachtadh rialta ar ailt a scríobh;
7. Bheith ábalta léamh criticiúil a dhéanamh ar shuíomh comhaimseartha na hiriseoireachta Gaeilge cló agus ar líne;
8. Bheith eolach ar an iriseoireacht mar fhoinse thaighde (foinsi arcíve) agus ar fhoinsí iriseoireachta ar an idirlíon agus a bheith ábalta iad a úsáid go tairbheach.

Indicative Module Content:

Stair na hiriseoireachta Gaeilge
Cleachtadh agus léitheoireacht ar sheánraí éagsúla litríochta agus scríbhneoireachta
Scileanna anailíseacha
Scileanna iriseoireachta agus scríbhneoireachta
Scileanna eagarthóireachta

Student Effort Hours: 
Student Effort Type Hours
Lectures

10

Seminar (or Webinar)

20

Project Supervision

30

Specified Learning Activities

40

Autonomous Student Learning

100

Total

200

Approaches to Teaching and Learning:
Léachtaí
PPT agus áiseanna ón idirlíon
Grúpobair agus obair i mbeirteanna
Ceardlanna 
Requirements, Exclusions and Recommendations
Learning Requirements:

Léamh agus scríobh na Gaeilge
Tuiscint ar an Ghaeilge labhartha

Learning Recommendations:

Taithí ar thaifead na Gaeilge agus / nó tréimhse caite sa Ghaeltacht


Module Requisites and Incompatibles
Not applicable to this module.
 
Assessment Strategy  
Description Timing Open Book Exam Component Scale Must Pass Component % of Final Grade
Essay: Aiste anailíseach ar stair na hiriseoireachta Gaeilge Week 7 n/a Standard conversion grade scale 40% Yes

30

Portfolio: Punann iriseoireachta bunaithe ar:
1. Cur i láthair i ngrúpaí
2. Píosa iriseoireachta 600 focal a scríobh
3. Léirmheas ar cholúnaí/cholúin
Week 11 n/a Standard conversion grade scale 40% Yes

30

Continuous Assessment: Punann scríbhneoireachta & freastal ar sheimineáir thaighde Scoile: 10 n-alt x 250 focal /iomlán 2500 focal (prós, dráma, filíocht, iriseoireacht, scríbhneoireacht ar líne, scripteanna, aistriúchán) Varies over the Trimester n/a Standard conversion grade scale 40% Yes

40


Carry forward of passed components
Yes
 
Resit In Terminal Exam
Spring No
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 
Feedback Strategy/Strategies

• Group/class feedback, post-assessment

How will my Feedback be Delivered?

Initially this will entail an overall feedback on essay structures and content. The feedback on the portfolio will also be given in a general overall review of the general standard. Ongoing assessment pieces (x10) and other corrected material will be returned to students and students can meet with the Module coordinator individually to receive individual feedback if they wish.

Name Role
Miss Katie Whelan Lecturer / Co-Lecturer