IR20260 Aistriúchán Dlíthiúil Intro

Academic Year 2024/2025

Tá an cúrsa seo dírithe ar mhic léinn dara bliain ar an BCL Dlí le Gaeilge atá ag iarraidh obair mar aistritheoirí dlíthiúla nó mar dhlítheangeolaithe in Éirinn nó san Aontas Eorpach.
Beidh sé mar aidhm ag an gcúrsa bunoiliúint a thabhairt do mhic léinn maidir leis na rialacha casta gramadaí agus an chomhréir chasta a fheictear go minic i réimse an dlí.
Tabharfar an deis do mhic léinn aithris a dhéanamh ar an gcomhréir in abairtí samplacha ón reachtaíocht.
Déanfar síorchleachtadh ar rialacha gramadaí a bheidh feicthe ag mic léinn cheana i ranganna teanga, mar aon le cinn níos casta atá an-choitianta sa reachtaíocht.
Pléifear an tábhacht a bhaineann le cruinneas teanga don aistriúchán agus roinnt de na dúshláin is mó maidir leis an aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge sa chomhthéacs dlíthiúil.
Ina theannta sin, tabharfar tuiscint do mhic léinn maidir le ról an aistritheora dlíthiúil agus ról an dlítheangeolaí, ceisteanna a scagfar go mion sa tríú agus sa cheathrú bliain den BCL. Má éiríonn leat sa mhodúl seo sa dara bliain, beidh tú in ann tabhairt faoi IR30350 Aistriúchán Dlithiúil 1 sa tríú bliain.

Show/hide contentOpenClose All

Curricular information is subject to change

Learning Outcomes:

Ag deireadh an mhodúil seo ba cheart go mbeadh sé ar chumas an mhic léinn:
Rialacha gramadaí a chur i bhfeidhm i dtéacsanna dlí
Múnlaí coitianta comhréire a úsáid le giotaí gearra a aistriú
Na bundifríochtaí idir aistritheoirí dlí agus dlítheangeolaithe a mhíniú
Na himpleachtaí maidir le hoibleagáidí dlí a mhíniú i dtaca le botúin áirithe chruinnis

Indicative Module Content:

Gnéithe éagsúla den réim teanga a bhaineann leis an reachtaíocht / dlí-chleachtadh
Anailís ar théascanna reachtaíochta / ionstraimí reachtúla / dlithe
Cleachtaí Gramadaí

Student Effort Hours: 
Student Effort Type Hours
Small Group

12

Autonomous Student Learning

100

Online Learning

12

Total

124

Approaches to Teaching and Learning:
Léachtaí ar líne;
Obair phraiticiúil;
Teoiricí á gcur i bhfeidhm go praiticiúil;
Foghlaim neamhspleách 
Requirements, Exclusions and Recommendations
Learning Recommendations:

IR10040 Teanga na Gaeilge 1
IR10090 Forbairt na Gaeilge Acadúla
IR30330 Athbheochan Teanga agus Reachtaíocht


Module Requisites and Incompatibles
Pre-requisite:
IR10040 - Teanga na Gaeilge I


 
Assessment Strategy  
Description Timing Open Book Exam Component Scale Must Pass Component % of Final Grade
Assignment(Including Essay): 5 thasc oibre le cur isteach ar Brightspace faoi Assignments n/a Alternative linear conversion grade scale 40% No

40

Exam (In-person): Scrúdú cinn cúrsa a dhéanfar sa seomra ranga i rith Sheachtain 12 nó 13 n/a Alternative linear conversion grade scale 40% No

50

Quizzes/Short Exercises: 5 thástáil ar Brightspace le déanamh sna ranganna teagaisc n/a Alternative linear conversion grade scale 40% No

10


Carry forward of passed components
No
 
Resit In Terminal Exam
Autumn No
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 
Feedback Strategy/Strategies

• Feedback individually to students, post-assessment

How will my Feedback be Delivered?

Aiseolas rialta ar cheachtanna agus ar scrúduithe a dhéantar Aiseolas i ndeireadh an tseimeastair don scrúdú cinn modúil

Name Role
Katie Hallinan Lecturer / Co-Lecturer
Mr Eoin McEvoy Lecturer / Co-Lecturer
Dr Colette Nic Aodha Lecturer / Co-Lecturer