Explore UCD

UCD Home >

IR20250

Academic Year 2025/2026

Athbheochan (IR20250)

Subject:
Irish
College:
Arts & Humanities
School:
Irish, Celtic Stud & Folklore
Level:
2 (Intermediate)
Credits:
5
Module Coordinator:
Dr Cathal Billings
Trimester:
Spring
Mode of Delivery:
Blended
Internship Module:
No
How will I be graded?
Letter grades

Curricular information is subject to change.

Students will need a laptop and Wifi connection to participate fully in this module.


Bunús an mhodúil: Modúl é seo atá dírithe ar mhic léinn an chláir Dlí le Gaeilge. Déanfar forbhreathnú iomlán ar choincheap agus ar ghníomhaíochtaí athbheochan na Gaeilge agus an dóigh ar éirigh leis an athbheochan i gcúrsaí teanga, litríochta, cultúir agus dlí. Déanfar é seo a ríomh i gcomhthéacs tuiscintí iomlána litríochta agus tíre ghluaiseacht na hathbheochana. Pléifear an dul chun cinn a rinneadh i bhfianaise na ngníomhaíochtaí agus na socruithe oifigiúla teanga chun an Ghaeilge a athlonnú mar theanga bheo i struchtúir na tíre seo, go háirithe i gcúrsaí oideachais.
Cuirfear béim ar leith ar obair athbheochana in Éirinn i gcomhthéacs na dtorthaí athbheochana a thugann le fios gur cruthaíodh struchtúir áirithe dliíthiúla taobh le pobal léitheoireachta agus labhartha ach gur fágadh an Ghaeilge mar mhionteanga sa sféar poiblí i gcónaí.


Cur chuige:
1.Pléifear gluaiseacht agus teoiricí athbheochana i gcomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta;
2. Ríomhfar fealsúnacht agus ceisteanna athbheochana faoi theoiricí ar náisiún agus ar phobal teanga;
3. Pléifear forbairt litríocht na hathbheochana i gcomhthéacs roinnt saothar
4. Scrúdófar sleachta áirithe iriseoireachta ar théamaí ar leith athbheochana - athbheochan na Gaeilge féin, athbheochan teanga i dtíortha eile, cúrsaí oideachais, cúsaí polaitíochta, cúrsaí litríochta, cúrsaí sóisialta agus eacnamaíochta.

*Dath Dearg: Níl cead ag mic léinn intleacht shaorga (IS) ghiniúnach a úsáid don mhodúl seo.*

*Traffic Light Red: Students are not permitted to use generative artificial intelligence (AI) in this module.*

About this Module

Learning Outcomes:

Bheith eolach ar thuiscintí Eorpacha agus domhanda ar athbheochan teanga agus chultúrtha;
Bheith ábalta anailís a dhéanamh ar chomhthéacs athbheochan na Gaeilge in Éirinn i gcomparáid le hathbheochan teanga i dtíortha eile;
Bheith in ann an seanchló Gaelach a léamh, a thuiscint agus a thrascríobh
Bheith eolach ar chéimeanna athbheochana i gcúrsaí teanga,litríochta agus cultúrtha;
Bheith ábalta scrúdú a dhéanamh ar phobail áirithe teanga agus na feidhmeanna atá le comhlíonadh acu in athbheochan teanga agus chultúrtha.
Bheith ábalta anailís a dhéanamh ar shamplaí de litríochta na hAthbheochana agus téamaí agus móitífeanna athbheochana ar leith a aithint;
Bheith eolach ar chuid den bhunreachtaíocht a bhaineann leis an nGaeilge a d’eascair ó ghluaiseacht na hathbheochana ó thús an fhichiú haois ar aghaidh;

Indicative Module Content:

Ábhar stairiúil a bhaineann le hAthbheochan na Gaeilge agus le hathbheochan teangacha eile;
Bunfhoinsí a bhaineann leis an Athbheochan in Éirinn
Samplaí de litríocht na hAthbheochana
Blúirí de théacsanna reachtaíochta áirithe a bhaineann leis an tréimhse;
Léachtaí ar líne;
Léitheoireacht éigeantach;
Fóram plé

Student Effort Hours:
Student Effort Type Hours
Specified Learning Activities

40

Autonomous Student Learning

70

Lectures

22

Total

132


Approaches to Teaching and Learning:
Léachtaí ar líne; féinfhoghlaim; fóram plé; léitheoireacht mholta; aistí le scríobh

Requirements, Exclusions and Recommendations

Not applicable to this module.


Module Requisites and Incompatibles
Incompatibles:
IR30220 - Athbheochan na Gaeilge


 

Assessment Strategy
Description Timing Component Scale Must Pass Component % of Final Grade Component repeat (in-module) Offered
Assignment(Including Essay): Anailís ar shliocht as nuachtán/iris réamhathbheochana , ca. 500 focal
Week 4 Standard conversion grade scale 40% No
25
No
Assignment(Including Essay): Anailís le déanamh ar shaothar a scríobhadh i ré na hAthbheochan agus atá ar coinneáil sna sainchnuasaigh (Leabharlann UCD). Week 8, Week 9 Standard conversion grade scale 40% No
25
No
Assignment(Including Essay): Aiste 1500 focal ar thorthaí na hAthbheochana Week 14 Standard conversion grade scale 40% No
50
No

As part of UCD's student support, under the Additional Consideration policy, extensions may be available for the following assessments in the module: Assignment (including essay/poster), Portfolio, Reflective Assignment, Report(s), and Individual Project.


Carry forward of passed components
No
 

Resit In Terminal Exam
Autumn No
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 

Feedback Strategy/Strategies

• Feedback individually to students, post-assessment

How will my Feedback be Delivered?

Aiseolas faoin aiste laistigh de thréimhse 20 lá tar éis í a chur isteach

Name Role
Dr Cathal Billings Lecturer / Co-Lecturer