Learning Outcomes:
- Beidh tuiscint ag an mac léinn ar shaibhreas agus ar thábhacht litríocht na Gaeilge sa tréimhse seo.
- Beidh tuiscint ag an mac léinn ar stair agus ar fhorbairt na Gaeilge.
- Beidh tuiscint ag an mac léinn ar ghnéithe áirithe den Nua-Ghaeilge Mhoch.
- Beidh an mac léinn in ann téacsanna a léamh agus a aistriú agus beidh sé / sí ábalta cur síos a dhéanamh ar ghnéithe teanga agus meadarachta.
Indicative Module Content:
Tabharfar forléargas do na mic léinn ar theanga agus ar mheadarachtaí fhilíocht ré na Nua-Ghaeilge Moiche. Ina dhiaidh sin, léifear dánta a chum filí gairmiúla i rith na tréimhse sin (m.sh. Fearghal Óg Mac an Bhaird, Tadhg Dall Ó hUiginn agus Gofraidh Fionn Ó Dálaigh). De bhreis air sin, léifear sleachta as téacsanna próis a cumadh sa 17ú hAois.