Learning Outcomes:
Ag deireadh an mhodúil ba cheart go mbeadh tuiscint níos fearr ag an mac léinn ar ghramadach agus ar chomhréir na Gaeilge. Ba cheart freisin go mbeadh feabhas ar chumas an mhic léinn aistí gearra a scríobh i nGaeilge chruinn ar réimse leathan ábhar a bhaineann leis an saol comhaimseartha. Chomh maith leis seo ba cheart go mbeadh curtha le cumas tuisceana an mhic léinn ar an nGaeilge labhartha agus lena líofacht féin.