Explore UCD

UCD Home >

IR20050

Academic Year 2025/2026

Iriseoireacht na Gaeilge (Journalism in Irish) (IR20050)

Subject:
Irish
College:
Arts & Humanities
School:
Irish, Celtic Stud & Folklore
Level:
2 (Intermediate)
Credits:
5
Module Coordinator:
Dr Aoife Whelan
Trimester:
Autumn
Mode of Delivery:
On Campus
Internship Module:
No
How will I be graded?
Letter grades

Curricular information is subject to change.

Bunús:
Pléifear éabhlóid na hiriseoireachta Gaeilge mar choincheap agus mar chleachtadh cumarsáide agus ríomhfar stair na hiriseoireachta ó bhunú an chéad irisleabhar Gaeilge 'Bolg an tSolair' i 1795 anuas go dtí an comhthéacs comhaimseartha le hiliomad fóram d'fhorbairtí iriseoireachta i bhfoirm cló, craolta agus ar líne.

Cur chuige:
1. Pléifear cúlra, céimeanna tosaigh, agus forbairtí iriseoireachta ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta;
2. Féachfar agus déanfar scrúdú agus léitheoireacht ar ábhar iriseoireachta le breis is dhá chéad bliain anuas le béim ar leith ar chúrsaí teanga agus ar na hábhair éagsúla a clúdaíodh in irisí agus i nuachtáin chuí;
3. Déanfar cleachtadh ar scileanna iriseoireachta trí shleachta a réiteach le cur i gcló/le craoladh i bhfóraim éagsúla iriseoireachta i rith an chúrsa;
4. Féachfar ar na féidearthachtaí iriseoireachta i gcomhthéacs na bhfionnachtan nua-aimseartha agus na bhfóram tionscnach cló, craolta, agus ar líne. Ríomhfar tairbhe na bhfoinsí seo mar fhoinsí taighde don scoláire agus don iriseoir comhaimseartha.
5. Eagrófar ceardlanna le linn an mhodúil chun scileanna iriseoireachta praiticiúla a chleachtadh.

*Dath Dearg: Níl cead ag mic léinn intleacht shaorga (IS) ghiniúnach a úsáid don mhodúl seo.*


About this Module

Learning Outcomes:

1. Eolas ar phointí stairiúla ar leith, ar bhunchlocha, ar thréimhsí, ar ábhar, ar stíl, ar mhodhanna eagarthóireachta agus ar phearsana stairiúla agus reatha na hiriseoireachta Gaeilge;
2. Scileanna eagarthóireachta ar alt sa chló Gaelach a chur in oiriúint do Ghaeilge an lae inniu;
3. Bheith ábalta aiste anailíseach a scríobh ar chúlra na meán Gaeilge cló i gcomhthéacs na bhforbairtí iriseoireachta le breis is dhá chéad bliain anuas;
4. Forbairt ar scileanna cumarsáide trí phodchraoladh a réiteach;
5. Scileanna iriseoireachta a fhorbairt trí chleachtadh rialta ar thascanna praiticiúla;
6. Bheith ábalta léamh criticiúil a dhéanamh ar shuíomh comhaimseartha na hiriseoireachta Gaeilge cló, craolta agus ar líne;
7. Bheith eolach ar an iriseoireacht mar fhoinse thaighde agus ar fhoinsí iriseoireachta ar líne agus a bheith ábalta iad a úsáid go tairbheach.

Indicative Module Content:

Stair na hiriseoireachta Gaeilge
Cuairt ar aircív chun irisí agus nuachtáin a scagadh
Scileanna anailíseacha
Scileanna iriseoireachta feidhmeacha
Scileanna scríbhneoireachta
Scileanna eagarthóireachta
Tras-scribhínn a réiteach
Podchraoladh a ullmhú

Student Effort Hours:
Student Effort Type Hours
Lectures

10

Seminar (or Webinar)

10

Specified Learning Activities

30

Autonomous Student Learning

50

Total

100


Approaches to Teaching and Learning:
Léachtaí
Áiseanna ar líne a scagadh
Grúpobair agus obair i mbeirteanna
Ceardlanna ar scileanna iriseoireachta

Requirements, Exclusions and Recommendations
Learning Requirements:

Léamh agus scríobh na Gaeilge
Tuiscint ar an nGaeilge labhartha


Module Requisites and Incompatibles
Incompatibles:
IR20290 - Iriseoireacht&Scríbhneoireacht


 

Assessment Strategy
Description Timing Component Scale Must Pass Component % of Final Grade In Module Component Repeat Offered
Assignment(Including Essay): Aiste (2,000 focal) ar stair na hiriseoireachta Gaeilge Week 7 Standard conversion grade scale 40% No
40
No
Group Work Assignment: Podchraoladh a thaifead i ngrúpaí Week 12 Standard conversion grade scale 40% No
20
No
Portfolio: Ailt sa chló Gaelach a dhréachtú agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu Week 10 Standard conversion grade scale 40% No
20
No
Reflective Assignment: Tras-scríobh a dhéanamh ar alt sa chló Gaelach agus cuntas a thabhairt ar na dúshláin a bhain leis Week 5 Standard conversion grade scale 40% No
20
No

Carry forward of passed components
Yes
 

Resit In Terminal Exam
Spring No
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 

Feedback Strategy/Strategies

• Feedback individually to students, post-assessment
• Group/class feedback, post-assessment

How will my Feedback be Delivered?

Cuirfear aiseolas ar fáil ar gach gné den mheasúnú trí Brightspace agus sna léachtaí.

Name Role
Mr Emil Trahan Lecturer / Co-Lecturer
Dr Aoife Whelan Lecturer / Co-Lecturer

Timetabling information is displayed only for guidance purposes, relates to the current Academic Year only and is subject to change.
Autumn Lecture Offering 1 Week(s) - Autumn: All Weeks Thurs 14:00 - 14:50
Autumn Lecture Offering 1 Week(s) - Autumn: All Weeks Tues 14:00 - 14:50