Learning Outcomes:
1. Eolas ar phointí stairiúla ar leith, ar bhunchlocha, ar thréimhsí, ar ábhar, ar stíl, ar mhodhanna eagarthóireachta agus ar phearsana stairiúla agus reatha na hiriseoireachta Gaeilge;
2. Scileanna eagarthóireachta ar alt sa chló Gaelach a chur in oiriúint do Ghaeilge an lae inniu;
3. Bheith ábalta aiste anailíseach a scríobh ar chúlra na meán Gaeilge cló i gcomhthéacs na bhforbairtí iriseoireachta le breis is dhá chéad bliain anuas;
4. Forbairt ar scileanna cumarsáide trí phodchraoladh a réiteach;
5. Scileanna iriseoireachta a fhorbairt trí chleachtadh rialta ar ailt a scríobh;
6. Bheith ábalta léamh criticiúil a dhéanamh ar shuíomh comhaimseartha na hiriseoireachta Gaeilge cló, craolta agus ar líne;
7. Bheith eolach ar an iriseoireacht mar fhoinse thaighde agus ar fhoinsí iriseoireachta ar an idirlíon agus a bheith ábalta iad a úsáid go tairbheach.
Indicative Module Content:
Stair na hiriseoireachta Gaeilge
Cuairt ar aircív chun irisí agus nuachtáin a scagadh
Scileanna anailíseacha
Scileanna iriseoireachta feidhmeacha
Scileanna scríbhneoireachta
Scileanna eagarthóireachta
Tras-scribhínn a réiteach
Podchraoladh a ullmhú