IR10210 Cultúr na hÓige Gaelaí

Academic Year 2024/2025

Bainfear úsáid as lionsa na hóige sa mhodúl seo chun deis a thabhairt do mhic léinn atá ag luí amach ar chéim sa Nua-Ghaeilge léargas a fháil ar réimsí tábhachtacha an ábhair ionas go dtuigfidh siad cad is brí le staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar ábhar acadúil ollscoile. Déanfar staidéar ar fhréamhacha litríocht agus chultúr na n-óg i gcomhthéacs na Gaeilge, ar fhorbairt choincheap agus litríocht na n-óg san fhichiú haois, agus ar chultúr na hollscoile.

Show/hide contentOpenClose All

Curricular information is subject to change

Learning Outcomes:

Eolas ar stair agus ar chultúr na hóige Gaelaí agus ar theanga na Nua-Ghaeilge.
Eolas ar litríocht na Gaeilge, idir chomhaimseartha agus stairiúil.
Eolas ar áiseanna taighde (foinsí léitheoireachta, foinsí ar líne agus cartlanna na Nua-Ghaeilge).
A bheith in ann cultúr na hóige agus gnéithe ar leith de litríocht na Nua-Ghaeilge a mheas agus a chur i láthair.

Indicative Module Content:

Suirbhé a úsáidfidh lionsa na hóige chun léargas a thabhairt ar réimsí tábhachtacha de chuid na Nua-Ghaeilge. Pléifear foinsí litríochta agus teanga a chuimseoidh a leithéidí seo:

foinsí taighde agus áiseanna nua-aimseartha teanga;
nualitríocht (prós agus filíocht);
an Ghaeilge ar an scáileán;
an Ghaeilge ar líne;
eagraíochtaí agus institiúidí na Gaeilge;
iriseoireacht na Gaeilge;
Athbheochan na Gaeilge;
stair na teanga.

Student Effort Hours: 
Student Effort Type Hours
Lectures

20

Autonomous Student Learning

70

Online Learning

10

Total

100

Approaches to Teaching and Learning:
Léachtaí; Féinfhoghlaim - cuntais ghearra, cur i láthair, móraiste.

Tabharfar leagan amach an mhodúil, leabharliosta agus treoir don rang ag tús an mhodúil maidir leis an staidéar is ceart a dhéanamh le tairbhe cheart a bhaint as na léachtaí i gcaitheamh an mhodúil. 
Requirements, Exclusions and Recommendations
Learning Requirements:

Cumas maith i scríobh agus i labhairt na Gaeilge


Module Requisites and Incompatibles
Incompatibles:
IR10200 - Stair agus Litríocht na nÓg


 
Assessment Strategy  
Description Timing Open Book Exam Component Scale Must Pass Component % of Final Grade
Assignment(Including Essay): Essay: Aiste 1,000 focal ag deireadh an trimeastair n/a Graded No

40

Group Work Assignment: Presentation: Cur i láthair ar ghnéithe ar leith de theanga agus litríocht na Gaeilge n/a Graded No

20

Assignment(Including Essay): Cuntas 500 focal le cur isteach trí Brightspace tar éis réimse ar leith a chríochnú n/a Graded No

20

Assignment(Including Essay): Cuntas 500 focal le cur isteach trí Brightspace tar éis réimse a chríochnú n/a Graded No

20


Carry forward of passed components
Yes
 
Remediation Type Remediation Timing
Repeat Within Two Trimesters
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 
Feedback Strategy/Strategies

• Feedback individually to students, post-assessment

How will my Feedback be Delivered?

Beidh mic léinn in ann bualadh le comhordaitheoir an mhodúil chun aiseolas pearsanta a fháil, más mian leo.