Learning Outcomes:
Eolas ar stair agus ar chultúr na hóige Gaelaí agus ar theanga na Nua-Ghaeilge.
Eolas ar litríocht na Gaeilge, idir chomhaimseartha agus stairiúil.
Eolas ar áiseanna taighde (foinsí léitheoireachta, foinsí ar líne agus cartlanna na Nua-Ghaeilge).
A bheith in ann cultúr na hóige agus gnéithe ar leith de litríocht na Nua-Ghaeilge a mheas agus a chur i láthair.
Indicative Module Content:
Suirbhé a úsáidfidh lionsa na hóige chun léargas a thabhairt ar réimsí tábhachtacha de chuid na Nua-Ghaeilge. Pléifear foinsí litríochta agus teanga a chuimseoidh a leithéidí seo:
foinsí taighde agus áiseanna nua-aimseartha teanga;
nualitríocht (prós agus filíocht);
an Ghaeilge ar an scáileán;
an Ghaeilge ar líne;
eagraíochtaí agus institiúidí na Gaeilge;
iriseoireacht na Gaeilge;
Athbheochan na Gaeilge;
stair na teanga.