Explore UCD

UCD Home >

IR10190

Academic Year 2025/2026

An Ghaeilge Acadúil (IR10190)

Subject:
Irish
College:
Arts & Humanities
School:
Irish, Celtic Stud & Folklore
Level:
1 (Introductory)
Credits:
10
Module Coordinator:
Mr Eoin McEvoy
Trimester:
Spring
Mode of Delivery:
On Campus
Internship Module:
No
How will I be graded?
Letter grades

Curricular information is subject to change.

Is é sprioc an mhodúil seo taithí na scoláirí ar an réim acadúil den teanga a fhairsingiú agus a gcuid scileanna anailíse a dhoimhniú trí chleachtaí léirmheastóireachta. Pléifear na hacmhainní leictreonacha Gaeilge is tábhachtaí le haghaidh an taighde, foghlaimeofar faoin gcaighdeán oifigiúil scríbhneoireachta agus faoi ghnéithe de mhórchanúintí na teanga. Déanfar cleachtadh ar scileanna taighde ar nós léirmheas a scríobh agus cur i láthair a dhéanamh ar ábhar acadúil. Ní bheidh cead ag scoláirí an intleacht shaorga ghiniúnach a úsáid le haghaidh an mheasúnaithe sa mhodúl seo.


The purpose of this module is to increase the student's contact with the academic register of Irish and to deepen their analysis skills. The course introduces students to electronic research resources for Irish, familiarises them with the official writing standard for Irish and outlines the features of the major dialects. We will also deal with research skills such as writing a review on a text and giving a presentation on an academic subject. Students will not be permitted to use generative artificial intelligence when undertaking the assessment in this module.

About this Module

Learning Outcomes:

Tar éis dóibh an modúl seo a chríochnú, ba cheart go mbeadh na mic léinn in ann:
a) úsáid éifeachtach a bhaint as na hacmhainní leictreonacha Gaeilge is tábhachtaí chun dul i ngleic le tascanna scríbhneoireachta agus léitheoireachta agus chun taighde a dhéanamh sa Nua-Ghaeilge;
b) tras-scríobh a dhéanamh ar chaint sna trí mhórchanúint de réir nósanna sainithe tras-scríbhneoireachta;
c) léirmheas cruinn cuimsitheach a scríobh ar leabhar iomlán i nGaeilge;
d) ábhar a thaighde agus a chur i láthair go héifeachtach agus le súil ar an inrochtaineacht.

On completion of this module, students should be able to:
a) use effectively the most important electronic resources in Irish in order to tackle writing and reading tasks and research in the field of Modern Irish;
b) transcribe, according to specified conventions, speech from the three major dialects;
c) compose a well-written, comprehensive review of a full book in Irish;
d) research a subject and present findings in an effective and accessible way.

Indicative Module Content:

+ Réim Acadúil na Gaeilge | The academic register in Irish
+ Áiseanna leictreonacha teanga | Electronic language resources
+ Caighdeán Oifigiúil na Gaeilge | The Official Language Standard
+ Mórchanúintí na Gaeilge | The major dialects of Irish
+ Scileanna tras-scríbhneoireachta | Transcription skills
+ Scileanna léirmheastóireachta | Reviewing skills
+ Scileanna cur i láthair | Presentation skills
+ Scileanna léitheoireachta | Reading skills

1. Foghlaimeoidh na mic léinn conas foclóirí leictreonacha teanga (teanglann.ie, focloir.ie, tearma.ie) a úsáid go héifeachtach chun cabhrú leo téacsanna a thuiscint agus a scríobh iad féin.

2. Déanfaidh na mic léinn staidéar ar na trí mhórchanúint thraidisiúnta (Canúint Uladh, Canúint Chonnacht agus Canúint na Mumhan), déanfaidh siad cleachtaí ar an tras-scríobh agus ansin tabharfaidh siad faoin tras-scríobh don mheasúnú.

3. Foghlaimeoidh gach mac léinn faoi scileanna léirmheastóireachta, foghlaimeoidh siad stór focal a bhaineann leis na seánraí éagsúla a bheidh faoi chaibidil agus scríobhfaidh siad léirmheas ar théacs fada i nGaeilge. Pléifear an léirmheastóireacht go mion sna léachtaí roimh an spriocdháta agus cuirfear oiliúint ar na mic léinn maidir leis an gcóras tagartha.

4. Forbróidh na mic léinn scileanna cur i láthair, déanfaidh siad cleachtadh ar an bhfoghraíocht chruinn agus déanfar plé ar an dearadh éifeachtach don chur i láthair. Déanfaidh gach mac léinn cur i láthair ansin i bhfoirm réamhthaifeadta.

Student Effort Hours:
Student Effort Type Hours
Specified Learning Activities

120

Autonomous Student Learning

60

Lectures

12

Small Group

12

Practical

12

Total

216


Approaches to Teaching and Learning:
+ Léachtaí | Lectures
+ Ranganna beaga teagaisc | Small group classes
+ Foghlaim sna ranganna Teanglainne | Teanglann-based classes
+ Foghlaim thascbhunaithe in Brightspace | Task-based learning in Brightspace
+ Ceachtanna ar scileanna éisteachta | Focussed exercises on aural skills
+ Quizeanna ar líne le béim ar an bhfoghlaim fhéinstiúrtha | Online quizzes encouraging development of autonomous learning
+ Cur i láthair ón mac léinn agus scileanna teicniúla taifeadta | Student presentations and technical recording skills

Requirements, Exclusions and Recommendations
Learning Recommendations:

+ Ba cheart go mbeadh cur amach ag an scoláire ar struchtúr na teanga.
+ Ba cheart go mbeadh spéis ag an scoláire i gcruinneas na teanga, idir labhartha agus scríofa.
+ Ba cheart go mbeadh an scoláire ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta go laethúil.


Module Requisites and Incompatibles
Not applicable to this module.
 

Assessment Strategy
Description Timing Component Scale Must Pass Component % of Final Grade In Module Component Repeat Offered
Assignment(Including Essay): Léirmheas ar ghearrscannán a scríobhfar le linn am na léachta deireanaí. Week 12 Graded No
40
No
Assignment(Including Essay): Léirmheas ar úrscéal i bhfoirm cur i láthair réamhthaifeadta 6-8 nóiméad. Week 7 Graded No
30
No
Participation in Learning Activities: Ceachtanna seachtainiúla ar Brightspace ar an stór focal, an ghramadach agus canúintí na Gaeilge. Week 2, Week 3, Week 4, Week 5, Week 6, Week 7, Week 8, Week 9, Week 10, Week 11 Standard conversion grade scale 40% No
10
No
Practical Skills Assessment: Tras-scríobh ar mhír éisteachta Week 10 Graded No
20
Yes

Carry forward of passed components
Yes
 

Resit In Terminal Exam
Autumn No
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 

Feedback Strategy/Strategies

• Feedback individually to students, post-assessment
• Group/class feedback, post-assessment
• Online automated feedback

How will my Feedback be Delivered?

1. Cur i láthair: Gheobhaidh an scoláire an rúibric a úsáidfear chun gráid a chur ar an gcur i láthair roimh dóibh tabhairt faoin ullmhúchán. Ceartófar an cur i láthair leis an rúibric sin agus cuirfear aiseolas pearsanta ar fáil don scoláire trí Brightspace. 2. Tras-scríobh: Déanfaidh an scoláire 3 thras-scríobh nach gcuirfear gráid orthu (Tras-scríobh A, Tras-scríobh B, Tras-scríobh C) roimh dóibh tabhairt faoin tras-scríobh don mheasúnú agus gheobhaidh an scoláire leagan iomlán den script mar aiseolas tar éis na n-iarrachtaí sin go léir le gur féidir leo iad a chur i gcomparáid leis an obair a rinne siad féin agus féinmheasúnú a dhéanamh. I gcás an tras-scríbh don mheasúnú, úsáidfear rúibric chun an obair a cheartú agus cuirfear an script iomlán ar fáil don scoláire trí Brightspace mar aiseolas. Feicfidh na scoláirí an rúibric roimh ré. 3. Léirmheas: Gheobhaidh an scoláire an rúibric a úsáidfear chun gráid a chur ar an léirmheas roimh dóibh tabhairt faoin léirmheas. Beidh an deis ag gach scoláire dhá léirmheas scríofa a chur isteach agus aiseolas a fháil orthu sula gcuireann siad isteach an léirmheas ar fiú 40% den ghrád iomlán é. Ceartófar an léirmheas ar Brightspace leis an rúibric agus cuirfear aiseolas pearsanta ar fáil don scoláire trí Brightspace.

Cabhróidh na leabhair seo a leanas leis na scoláirí a gcuid scileanna teanga a fhorbairt:

-- Daltún, S. (1970) Maidir Le Do Litir. Dara heagrán. Baile Átha Cliath: An Gúm.
-- Mac Lochlainn, A. (2015) In Ord is in Eagar. Dara heagrán. Baile Átha Cliath: Cois Life.
-- Mac Lochlainn, A. (2000) Cuir Gaeilge Air. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Treoir don scríbhneoireacht atá i gCaighdeán Oifigiúil na Gaeilge. Tá sé le fáil ag:
-- Seirbhís Thithe an Oireachtais (2017). An Caighdeán Oifigiúil - an treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge [ar líne]. Ar fáil ag: http://www.oireachtas.ie/parliament/media/translators/An-Caighde%C3%A1n-Oifigi%C3%BAil-2017.pdf . [PDF]

Tá treoracha maidir le Córas Harvard le fáil anseo:
-- UCD Library (2017). Harvard Referencing Style [ar líne]. Ar fáil ag: http://libguides.ucd.ie/academicintegrity/harvardstyle‎

Name Role
Mr Emil Trahan Tutor

Timetabling information is displayed only for guidance purposes, relates to the current Academic Year only and is subject to change.
Spring Lecture Offering 1 Week(s) - 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 29, 30, 31, 32, 33 Mon 13:00 - 13:50
Spring Small Group Offering 2 Week(s) - 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 29, 30, 31, 32, 33 Wed 16:00 - 16:50
Spring Small Group Offering 3 Week(s) - 20, 22, 24 Wed 14:00 - 14:50
Spring Small Group Offering 3 Week(s) - 21 Wed 14:00 - 14:50
Spring Small Group Offering 3 Week(s) - 23 Wed 14:00 - 14:50
Spring Small Group Offering 3 Week(s) - 25, 26 Wed 14:00 - 14:50
Spring Small Group Offering 3 Week(s) - 29, 30, 31, 32, 33 Wed 14:00 - 14:50
Spring Small Group Offering 4 Week(s) - 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 29, 30, 31, 32, 33 Wed 09:00 - 09:50
Spring Conversation Class Offering 2 Week(s) - 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 29, 30, 31, 32, 33 Tues 12:00 - 12:50
Spring Conversation Class Offering 3 Week(s) - 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 29, 30, 31, 32, 33 Thurs 14:00 - 14:50
Spring Conversation Class Offering 4 Week(s) - 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 29, 30, 31, 32, 33 Thurs 13:00 - 13:50