Show/hide contentOpenClose All
Curricular information is subject to change
Tar éis dóibh an modúl seo a chríochnú, ba cheart go mbeadh na mic léinn in ann:
a) úsáid éifeachtach a bhaint as na hacmhainní leictreonacha Gaeilge is tábhachtaí chun dul i ngleic le tascanna scríbhneoireachta agus léitheoireachta agus chun taighde a dhéanamh sa Nua-Ghaeilge;
b) tras-scríobh a dhéanamh ar chaint sna trí mhórchanúint de réir nósanna sainithe tras-scríbhneoireachta;
c) léirmheas cruinn cuimsitheach a scríobh ar leabhar iomlán i nGaeilge;
d) na pointí lárnacha a bhaint as téacs acadúil i nGaeilge agus a chur i láthair go héifeachtach agus le súil ar an inrochtaineacht.
On completion of this module, students should be able to:
a) use effectively the most important electronic resources in Irish in order to tackle writing and reading tasks and research in the field of Modern Irish;
b) transcribe, according to specified conventions, speech from the three major dialects;
c) compose a well-written, comprehensive review of a full book in Irish;
d) extract the key findings from an academic text in Irish and present those findings to fellow students in an accessible way.
+ Réim Acadúil na Gaeilge | The academic register in Irish
+ Áiseanna leictreonacha teanga | Electronic language resources
+ Caighdeán Oifigiúil na Gaeilge | The Official Language Standard
+ Mórchanúintí na Gaeilge | The major dialects of Irish
+ Scileanna tras-scríbhneoireachta | Transcription skills
+ Scileanna léirmheastóireachta | Reviewing skills
+ Scileanna cur i láthair | Presentation skills
+ Scileanna léitheoireachta | Reading skills
1. Foghlaimeoidh na mic léinn conas foclóirí leictreonacha teanga (teanglann.ie, focloir.ie, tearma.ie) a úsáid go héifeachtach chun cabhrú leo téacsanna a thuiscint agus a scríobh iad féin.
2. Déanfaidh na mic léinn staidéar ar na trí mhórchanúint thraidisiúnta (Canúint Uladh, Canúint Chonnacht agus Canúint na Mumhan), déanfaidh siad cleachtaí ar an tras-scríobh agus ansin tabharfaidh siad faoin tras-scríobh don mheasúnú.
3. Foghlaimeoidh gach mac léinn faoi scileanna léirmheastóireachta, foghlaimeoidh siad stór focal a bhaineann leis na seánraí éagsúla a bheidh faoi chaibidil agus scríobhfaidh siad léirmheas ar théacs fada i nGaeilge. Pléifear an léirmheastóireacht go mion sna léachtaí roimh an spriocdháta agus cuirfear oiliúint ar na mic léinn maidir leis an gcóras tagartha.
4. Forbróidh na mic léinn scileanna cur i láthair, déanfaidh siad cleachtadh ar an bhfoghraíocht chruinn agus déanfar plé ar an dearadh éifeachtach don chur i láthair. Déanfaidh gach mac léinn cur i láthair ansin i bhfoirm réamhthaifeadta.
Student Effort Type | Hours |
---|---|
Lectures | 12 |
Small Group | 12 |
Practical | 12 |
Specified Learning Activities | 100 |
Autonomous Student Learning | 60 |
Total | 196 |
Not applicable to this module.
Description | Timing | Component Scale | % of Final Grade | ||
---|---|---|---|---|---|
Essay: Léirmheas: Roghnóidh an mac léinn úrscéal ag tús an téarma agus déanfaidh an mac léinn anailís air i léirmheas gonta cruinn 1,000 focal. | Week 9 | n/a | Graded | No | 40 |
Continuous Assessment: Cleachtaí rialta ar líne: Sna cleachtaí seo a dhéanfar ar Brightspace ó sheachtain go chéile déanfar tástáil ar scileanna éisteachta agus ar eolas na mac léinn ar na canúintí agus ar an ngramadach. | Throughout the Trimester | n/a | Alternative linear conversion grade scale 40% | No | 10 |
Class Test: Tras-scríobh 1: Éistfidh an mac léinn le mír éisteachta chanúnach 1-2 nóiméad ar fhad agus clóscríobhfaidh siad a gcloiseann siad de réir na gcoinbhinsiún tras-scríbhneoireachta a chuirtear ar fáil. | Week 5 | n/a | Graded | No | 10 |
Class Test: Tras-scríobh 2: Éistfidh an mac léinn le mír éisteachta chanúnach 1-2 nóiméad ar fhad agus clóscríobhfaidh siad a gcloiseann siad de réir na gcoinbhinsiún tras-scríbhneoireachta a chuirtear ar fáil. | Week 6 | n/a | Graded | No | 10 |
Presentation: Cur i láthair réamhthaifeadta: Roghnóidh an mac léinn alt ó comhartaighde.ie agus cuirfidh siad i láthair é i bhfoirm réamhthaifeadta (físeán 10 nóiméad ar fhad). | Week 12 | n/a | Graded | No | 30 |
Resit In | Terminal Exam |
---|---|
Autumn | No |
• Feedback individually to students, post-assessment
• Group/class feedback, post-assessment
• Online automated feedback
1. Tras-scríobh: Déanfaidh an mac léinn 3 thras-scríobh nach gcuirfear gráid orthu (Tras-scríobh A, Tras-scríobh B, Tras-scríobh C) roimh dóibh tabhairt faoin dá thras-scríobh don mheasúnú agus gheobhaidh an mac léinn leagan iomlán den script mar aiseolas tar éis na n-iarrachtaí sin go léir le gur féidir leo iad a chur i gcomparáid leis an obair a rinne siad féin agus féinmheasúnú a dhéanamh. I gcás Thras-scríobh 1 agus Thras-scríobh 2 don mheasúnú, úsáidfear rúibric chun an obair a cheartú agus cuirfear an script iomlán ar fáil don mhac léinn trí Brightspace mar aiseolas. Feicfidh na mic léinn an rúibric roimh ré. 2. Léirmheas: Gheobhaidh an mac léinn an rúibric a úsáidfear chun gráid a chur ar an léirmheas roimh dóibh tabhairt faoin léirmheas. Ceartófar an léirmheas ar Brightspace leis an rúibric agus cuirfear aiseolas pearsanta ar fáil don mhac léinn trí Brightspace. 3. Cur i láthair: Gheobhaidh an mac léinn an rúibric a úsáidfear chun gráid a chur ar an gcur i láthair roimh dóibh tabhairt faoin ullmhúchán. Ceartófar an cur i láthair leis an rúibric sin agus cuirfear aiseolas pearsanta ar fáil don mhac léinn trí Brightspace.