Learning Outcomes:
Faoi dheireadh an chúrsa:
- beidh an mac léinn in ann téacsanna de chineálacha éagsúla a aistriú go Gaeilge / Béarla agus a mhalairt, agus leas a bhaint as an réim teanga agus as an téarmaíocht is cuí don téacs sin
- beidh an mac léinn in ann cur síos a dhéanamh ar roinnt de theoiricí an aistriúcháin agus plé a dhéanamh orthu i gcomhthéacs a c[h]uid oibre féin
- beidh cur amach ag an mac léinn ar na canúintí agus ar an gCaighdeán Oifigiúil, agus ar an tábhacht a bhaineann leo i gcomhthéacs téacsanna den uile chineál
- beidh an mac léinn in ann cur síos a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le cineálacha éagsúla téacsanna a aistriú agus machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas a bhain leis an téacs sin a aistriú
- beidh an mac léinn in ann an leas is fearr agus is cuí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil don aistritheoir
- beidh an mac léinn in ann earráidí ina c[h]uid oibre féin (agus in obair a c[h]omhgleacaithe) a aithint agus eagarthóireacht chuí a dhéanamh ar na téacsanna sin
- beidh an mac léinn in ann anailís a dhéanamh ar aistriúcháin a rinneadh cheana agus plé a dhéanamh ar na cinntí a glacadh iontu
- beidh an mac léinn in ann tabhairt faoi thionscnamh aistriúcháin níos faide agus tuairisc a scríobh ar phróiseas an aistriúcháin sin
Indicative Module Content:
Téacsanna de chineálacha éagsúla a bheidh le haistriú ag an mac léinn sa chúrsa seo, lena -áirítear:
téacsanna faisnéiseacha/pragmatacha
téacsanna litríochta, lena n-áirítear prós agus filíocht
téacsanna teicniúla
téacsanna oifigiúla, lena n-áirítear téacsanna dlí agus reachtaíochta