IR10160 Scileanna Teanga & Litríocht

Academic Year 2022/2023

Is croímhodúl é seo ar an chonair sna Daonnachtaí dar teideal 'Teanga, Litríocht agus Aistriúchán'. Cuirfidh mic léinn lena stóras agus lena saibhreas foclóra ó bheith ag éisteacht agus as plé a dhéanamh le raon leathan léachtóirí / cainteoirí atá ag plé le litríocht an lae inniu, idir fhilíocht agus phrós. Tabharfar deis do mhic léinn fosta éisteacht agus plé a dhéanamh le pearsana tábhachtacha i bpobal na Gaeilge le freagrachtaí ar leith do chur chun cinn na teanga. Léifear sleachta léitheoireachta agus déanfar anailís ar ábhar agus ar fhoirm agus ar stíl na litríochta ag leibhéal bunúsach. An ghné is tábhachtaí a bhaineann leis an modúl seo ná deis a thabhairt do mhic léinn blaiseadh agus tuiscint a fháil ar réimse leathan scríbhneoirí agus urlabhraithe na Gaeilge mar aon le scileanna teanga a fhorbairt agus tuiscint a fháil ar scríbhneoireacht na Gaeilge.

Show/hide contentOpenClose All

Curricular information is subject to change

Learning Outcomes:

Cur le stóras agus saibhreas foclóra;
Cur le scileanna éisteachta agus canúintí difriúla a aithint;
Léargas a fhail ar théamaí, ar stíleanna agus ar fhoirmeacha na nualitríochta i gcomhthéacs scríbhneoireacht an lae inniu;
A bheith ábalta litríocht an lae inniu a phlé agus a léamh i gceart agus le foghraíocht cheart;
A bheith eolach ar earnáil na scríbhneoireachta Gaeilge agus na n-eagraíochtaí scríbhneoireachta trí bheith ag plé le scríbhneoirí reatha ó Aontas na Scríbhneoirí agus ó thithe foilsitheoireachta na Gaeilge;
A bheith eolach ar earnáil na Gaeilge agus ar stádas na teanga i gcomhthéacs comhaimseartha;
Feabhas ar scileanna léitheoireachta ó thaobh na foghraíochta, agus na hanailíse;
A bheith ábalta cur i láthair eolgaiseach, snasta, cuimsitheach a dhéanamh ar litríocht agus ar scríbhneoireacht chomhaimseartha na Gaeilge;
A bheith ábalta tú féin a chur in iúl go héifeachtach soiléir trí mheán na Gaeilge.

Indicative Module Content:

Léachtaí seachtainiúla le haoiléachtóirí, le scríbhneoirí agus le léachtóirí na Nua-Ghaeilge
Ábhair ar leith:
1. Litríocht chomhaimseartha na Gaeilge - úrscéalta, gearrscéalta agus filíocht nua-aimseartha agus nua-fhoilsithe na Gaeilge.
2. Sleachta ó phíosaí acadúla ó bhaill foirne na Nua-Ghaeilge i UCD (léitheoireacht agus plé orthu de réir na réimsí taighde).
3. Plé ar thimpeallacht ghinearálta na Gaeilge i gcomhthéacs na n-eagraíochtaí pobail agus rialtais, na struchtúr poiblí agus pobail agus thograí nua teanga.
4. Aoiléachtaí ó scríbhneoirí aitheanta na Gaeilge le plé ar a saothair 'I gcomhrá le ...'
5. Éisteacht le cláracha litríochta ar leith ó na meáin Ghaeilge - ar líne, raidió agus teilifíse (obair aonair agus obair sa rang féin).

Student Effort Hours: 
Student Effort Type Hours
Lectures

10

Seminar (or Webinar)

10

Project Supervision

4

Autonomous Student Learning

80

Total

104

Approaches to Teaching and Learning:
Léachtaí;
Seimineáir le scríbhneoirí agus le léachtóirí;
Plé agus grúpobair don chur i láthair ag deireadh an mhodúil;
Grúpobair agus obair i mbeirteanna chun sleachta litríochta a phlé.
 
Requirements, Exclusions and Recommendations
Learning Recommendations:

Caighdeán maith i labhairt agus i scríobh na Gaeilge


Module Requisites and Incompatibles
Not applicable to this module.
 
Assessment Strategy  
Description Timing Open Book Exam Component Scale Must Pass Component % of Final Grade
Presentation: Group presentation Coursework (End of Trimester) n/a Standard conversion grade scale 40% No

90

Attendance: Attendance and participation. This grade will depend on active participation of student in module as well as attendance at lectures and seminars Throughout the Trimester n/a Standard conversion grade scale 40% No

10


Carry forward of passed components
Yes
 
Resit In Terminal Exam
Spring No
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 
Feedback Strategy/Strategies

• Group/class feedback, post-assessment

How will my Feedback be Delivered?

Students will receive feedback after correction of assessment via brightspace in general and with individual feedback if requested

Name Role
Dr Cathal Billings Lecturer / Co-Lecturer
Dr Ríona Nic Congáil Lecturer / Co-Lecturer
Dr Aoife Whelan Lecturer / Co-Lecturer