Learning Outcomes:
Eolas ar bhunfhoinsí litríochta agus ar theanga na Nua-Ghaeilge.
Eolas ar litríocht na Gaeilge, idir chomhaimseartha agus stairiúil.
Eolas ar áiseanna taighde (foinsí léitheoireachta, foinsí ar líne agus arcíveanna na Nua-Ghaeilge).
A bheith in ann cúlra agus gnéithe ar leith de litríocht na Nua-Ghaeilge a mheas agus a chur i láthair.
Indicative Module Content:
Suirbhé a thabharfaidh léargas ar réimsí tábhachtacha de chuid na Nua-Ghaeilge. Pléifear bunfhoinsí litríochta agus teanga a chuimseoidh a leithéidí seo:
lámhscríbhinní;
stair na teanga;
nualitríocht (prós agus filíocht);
Athbheochan na Gaeilge;
iriseoireacht na Gaeilge;
an Ghaeilge ar an scáileán;
foinsí taighde agus áiseanna nua-aimseartha teanga.