Explore UCD

UCD Home >

IR10090

Academic Year 2025/2026

Forbairt na Gaeilge Acadúla (IR10090)

Subject:
Irish
College:
Arts & Humanities
School:
Irish, Celtic Stud & Folklore
Level:
1 (Introductory)
Credits:
5
Module Coordinator:
Mr Eoin McEvoy
Trimester:
Spring
Mode of Delivery:
On Campus
Internship Module:
No
How will I be graded?
Letter grades

Curricular information is subject to change.

Ní furasta aistriú ón scoil go dtí an ollscoil agus tabhairt faoin obair acadúil ag an tríú leibhéal ach cabhróidh muid leat dul i dtaithí ar an gcineál sin oibre sa mhodúl seo. Léireofar duit conas córas tagartha a chur i bhfeidhm, conas míreanna éisteachta a thras-scríobh agus conas ábhair acadúla a chur i láthair go héifeachtach. Foghlaimeoidh tú faoin gCaighdeán Oifigiúil agus conas é a cheadú go héifeachtach; rachaidh tú i dtaithí ar an réim acadúil agus cuirfidh tú le do stór focal chun barr feabhais a chur ar do chuid scríbhneoireachta féin; agus cuirfidh tú eolas ar thrí mhórchanúint na Gaeilge chun gur fearr do thuiscint ar léachtaí sa teanga feasta. Leagfar an-bhéim ar scileanna léirmheastóireachta sa mhodúl agus beidh a fhios agat faoi dheireadh an mhodúil conas léirmheas éifeachtach a dhéanamh ar shaothar liteartha.

Ní bheidh cead ag scoláirí an intleacht shaorga ghiniúnach a úsáid le haghaidh an mheasúnaithe sa mhodúl seo.

The transition from school work at second level to academic work at third level can be challenging. In this module, we will ease this transition by introducing you to key academic skills such as referencing, transcribing and presenting. You will learn about the official writing standard and how to consult it; you will explore the academic register of Irish and expand your vocabulary to enhance your own academic writing; and you will explore aspects of the major dialects of Irish to make aural comprehension of lectures easier. You will also learn how to assess a literary text, how to review it fairly and how to structure your argument.

Students will not be permitted to use generative artificial intelligence when undertaking the assessment in this module.

About this Module

Learning Outcomes:

Tar éis dóibh an modúl seo a chríochnú, ba cheart go mbeadh mic léinn in ann:
a) úsáid éifeachtach a bhaint as na hacmhainní leictreonacha Gaeilge is tábhachtaí chun dul i ngleic le tascanna scríbhneoireachta agus léitheoireachta;
b) tras-scríobh a dhéanamh ar chaint sna trí mhórchanúint de réir coinbhinsiúin faoi leith tras-scríbhneoireachta;
c) léirmheas cruinn cuimsitheach a scríobh i nGaeilge;
d) na pointí lárnacha i dtéacs Gaeilge a bhaint amach agus a chur i láthair go héifeachtach agus le súil ar an inrochtaineacht.

On completion of this module, students should be able to:
a) use effectively the most important electronic resources in Irish in order to tackle writing and reading tasks;
b) transcribe, according to specific conventions, speech from the three major dialects;
c) compose a well-written, comprehensive review in Irish;
d) extract the key findings from a text in Irish and present those findings to fellow students in an accessible way.

Indicative Module Content:

+ Réim Acadúil na Gaeilge | The academic register in Irish
+ Áiseanna leictreonacha teanga | Electronic language resources
+ Caighdeán Oifigiúil na Gaeilge | The Official Language Standard
+ Mórchanúintí na Gaeilge | The major dialects of Irish
+ Scileanna tras-scríbhneoireachta | Transcription skills
+ Léirmheastóireacht | Reviewing
+ Scileanna cur i láthair | Presentation skills

1. Foghlaimeoidh na mic léinn conas foclóirí leictreonacha teanga (teanglann.ie, focloir.ie, tearma.ie) a úsáid go héifeachtach chun cabhrú leo téacsanna a thuiscint agus a scríobh iad féin.

2. Déanfaidh na mic léinn staidéar ar na trí mhórchanúint thraidisiúnta (Canúint Uladh, Canúint Chonnacht agus Canúint na Mumhan), déanfaidh siad cleachtaí ar an tras-scríobh agus ansin tabharfaidh siad faoin tras-scríobh don mheasúnú.

3. Foghlaimeoidh gach mac léinn faoi scileanna léirmheastóireachta, foghlaimeoidh siad stór focal a bhaineann leis na seánraí éagsúla a bheidh faoi chaibidil agus scríobhfaidh siad léirmheas ar théacs. Pléifear an léirmheastóireacht go mion sna léachtaí roimh an spriocdháta agus cuirfear oiliúint ar na mic léinn maidir leis an gcóras tagartha.

4. Forbróidh na mic léinn scileanna cur i láthair, déanfaidh siad cleachtadh ar an bhfoghraíocht chruinn agus déanfar plé ar an dearadh éifeachtach don chur i láthair. Déanfaidh gach mac léinn cur i láthair ansin i bhfoirm réamhthaifeadta.

Student Effort Hours:
Student Effort Type Hours
Lectures

12

Small Group

12

Practical

12

Specified Learning Activities

60

Autonomous Student Learning

13

Total

109


Approaches to Teaching and Learning:
+ Lectures
+ Small group classes
+ Task-based learning in Brightspace
+ Focussed exercises on audio skills
+ Online quizzes encouraging development of autonomous learning
+ Student presentations and technical recording skills

Requirements, Exclusions and Recommendations
Learning Recommendations:

+ Ba cheart go mbeadh cur amach ag an scoláire ar struchtúr na teanga.
+ Ba cheart go mbeadh spéis ag an scoláire i gcruinneas na teanga, idir labhartha agus scríofa.
+ Ba cheart go mbeadh an scoláire ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta go laethúil.


Module Requisites and Incompatibles
Not applicable to this module.
 

Assessment Strategy
Description Timing Component Scale Must Pass Component % of Final Grade In Module Component Repeat Offered
Assignment(Including Essay): Léirmheas ar ghearrscannán a scríobhfar le linn am na léachta deireanaí. Week 12 Graded No
40
No
Assignment(Including Essay): Léirmheas ar ghearrscéal i bhfoirm cur i láthair réamhthaifeadta 3-5 nóiméad. Week 7 Graded No
30
No
Participation in Learning Activities: Ceachtanna seachtainiúla ar Brightspace ar an stór focal, an ghramadach agus canúintí na Gaeilge. Week 2, Week 3, Week 4, Week 5, Week 6, Week 7, Week 8, Week 9, Week 10, Week 11 Standard conversion grade scale 40% No
10
No
Practical Skills Assessment: Tras-scríobh ar mhír éisteachta. Week 10 Graded No
20
No

Carry forward of passed components
Yes
 

Resit In Terminal Exam
Autumn No
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 

Feedback Strategy/Strategies

• Feedback individually to students, post-assessment
• Group/class feedback, post-assessment
• Online automated feedback

How will my Feedback be Delivered?

1. Cur i láthair: Gheobhaidh an scoláire an rúibric a úsáidfear chun gráid a chur ar an gcur i láthair roimh dóibh tabhairt faoin ullmhúchán. Ceartófar an cur i láthair leis an rúibric sin agus cuirfear aiseolas pearsanta ar fáil don scoláire trí Brightspace. 2. Tras-scríobh: Déanfaidh an scoláire 3 thras-scríobh nach gcuirfear gráid orthu (Tras-scríobh A, Tras-scríobh B, Tras-scríobh C) roimh dóibh tabhairt faoin tras-scríobh don mheasúnú agus gheobhaidh an scoláire leagan iomlán den script mar aiseolas tar éis na n-iarrachtaí sin go léir le gur féidir leo iad a chur i gcomparáid leis an obair a rinne siad féin agus féinmheasúnú a dhéanamh. I gcás an tras-scríbh don mheasúnú ar fiú 20% den ghrád e, úsáidfear rúibric chun an obair a cheartú agus cuirfear an script iomlán ar fáil don scoláire trí Brightspace mar aiseolas. Feicfidh na scoláirí an rúibric sin roimh ré. 3. Léirmheas: Gheobhaidh an scoláire an rúibric a úsáidfear chun gráid a chur ar an léirmheas roimh dóibh tabhairt faoin léirmheas. Beidh an deis ag gach scoláire dhá léirmheas a scríobh agus a chur isteach agus aiseolas a fháil orthu gan ghrád sula dtabharfaidh siad faoin léirmheas a bhfuil 40% den ghrád ag dul air. Ceartófar an léirmheas sin ar Brightspace leis an rúibric agus cuirfear aiseolas pearsanta ar fáil don scoláire trí Brightspace.

Cabhróidh na leabhair seo a leanas leis na scoláirí a gcuid scileanna teanga a fhorbairt:

-- Daltún, S. (1970) Maidir Le Do Litir. Dara heagrán. Baile Átha Cliath: An Gúm.
-- Mac Lochlainn, A. (2015) In Ord is in Eagar. Dara heagrán. Baile Átha Cliath: Cois Life.
-- Mac Lochlainn, A. (2000) Cuir Gaeilge Air. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Treoir don scríbhneoireacht atá i gCaighdeán Oifigiúil na Gaeilge. Tá sé le fáil ag:
-- Seirbhís Thithe an Oireachtais (2017). An Caighdeán Oifigiúil - an treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge [ar líne]. Ar fáil ag: http://www.oireachtas.ie/parliament/media/translators/An-Caighde%C3%A1n-Oifigi%C3%BAil-2017.pdf . [PDF]

Tá treoracha maidir le Córas Harvard le fáil anseo:
-- UCD Library (2017). Harvard Referencing Style [ar líne]. Ar fáil ag: http://libguides.ucd.ie/academicintegrity/harvardstyle‎

Timetabling information is displayed only for guidance purposes, relates to the current Academic Year only and is subject to change.
Spring Lecture Offering 1 Week(s) - 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 29, 30, 31, 32 Mon 13:00 - 13:50
Spring Conversation Class Offering 2 Week(s) - 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 29, 30, 31, 32, 33 Tues 12:00 - 12:50
Spring Small Group Offering 2 Week(s) - 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 29, 30, 31, 32, 33 Wed 16:00 - 16:50
Spring Conversation Class Offering 3 Week(s) - 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 29, 30, 31, 32, 33 Thurs 14:00 - 14:50
Spring Small Group Offering 3 Week(s) - 20, 22, 24 Wed 14:00 - 14:50
Spring Small Group Offering 3 Week(s) - 21 Wed 14:00 - 14:50
Spring Small Group Offering 3 Week(s) - 23 Wed 14:00 - 14:50
Spring Small Group Offering 3 Week(s) - 25, 26 Wed 14:00 - 14:50
Spring Small Group Offering 3 Week(s) - 29, 30, 31, 32, 33 Wed 14:00 - 14:50
Spring Conversation Class Offering 4 Week(s) - 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 29, 30, 31, 32, 33 Thurs 13:00 - 13:50
Spring Small Group Offering 4 Week(s) - 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 29, 30, 31, 32, 33 Wed 09:00 - 09:50
Spring Conversation Class Offering 5 Week(s) - 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 29, 30, 31, 32, 33 Tues 11:00 - 11:50
Spring Small Group Offering 5 Week(s) - 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 29, 30, 31, 32, 33 Wed 11:00 - 11:50