Learning Outcomes:
Tar éis do mhic léinn an modúl seo a chríochnú:
1. Beidh siad in ann iad féin a chur in iúl go muiníneach agus go cumasach sa Ghaeilge, idir labhairt agus scríobh.
2. Beidh tuiscint mhaith acu ar ghnéithe éagsúla de ghramadach na Gaeilge, na gnéithe seo a leanas go speisialta:
(a) na tuisil éagsúla den ainmfhocal, cathain a bhíonn siad in úsáid, agus conas an t-ainmfhocal a chur in oiriúint dóibh ar fad;
(b) na haimsirí agus na modhanna éagsúla den bhriathar;
agus beidh siad in ann na rialacha gramadaí sin a chur i bhfeidhm agus iad ag obair go neamhspleách.
3. Beidh siad in ann dul i ngleic le téacsaí Gaeilge de chineálacha éagsúla; beidh siad ina ann ábhair na dtéacsaí sin a phlé agus dul i mbun díospóireachta ar na téamaí a eascraíonn sna téacsanna sin.
4. Beidh cur amach acu ar acmhainní agus áiseanna teanga a bhíonn ar fáil don mhac léinn Gaeilge agus beidh siad in ann an leas is fearr is féidir a bhaint astu.
Indicative Module Content:
- Obair phraiticiúil dírithe ar ghramadach na Gaeilge a fhoghlaim;
- Scileanna scríofa, éisteachta agus labhartha a fhorbairt agus a thabhairt go barr feabhais.