Explore UCD

UCD Home >

An Ghaeilge & An Cultúr

BA (NFQ Level 8)
I am an

This course is available through the following application route(s)

Contact UsContact Us

Má tá tú ag iarraidh barr feabhais a bhaint amach sa Ghaeilge.

Más spéis leat ard/sainscileanna teanga a bhaint amach agus a fhorbairt.

Más spéis leat gairm bheatha trí mheán na Gaeilge ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta a bheith agat ina lán réimsí sa tsochaí: earnáil na hoidhreachta agus an chultúir, aistriúchán, oideachas, cúrsaí foilsitheoireachta, na meáin chumarsáide, mar shampla.

About This Course

Má tá tú ag iarraidh barr feabhais a bhaint amach sa Ghaeilge.

Más spéis leat ard/sainscileanna teanga a bhaint amach agus a fhorbairt.

Más spéis leat gairm bheatha trí mheán na Gaeilge ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta a bheith agat ina lán réimsí sa tsochaí: earnáil na hoidhreachta agus an chultúir, aistriúchán, oideachas, cúrsaí foilsitheoireachta, na meáin chumarsáide, mar shampla.

• Scileanna teanga • Cultúr agus stair chultúrtha na Gaeilge • Scileanna agus léann an aistriúcháin ar bhonn idirdhisciplíneach • Litríocht na Gaeilge • Eagarthóireacht/cóipeagarthóireacht Is í an Ghaeilge teanga an chláir seo seachas na modúil ar an léann Ceilteach.

Bliain 1

Sa chéad bhliain déantar cúig mhodúl a chlúdaíonn cruinneas agus forbairt na Gaeilge, stair agus cultúr na teanga agus scileanna bunúsacha tosaigh san aistriúchán. Is féidir le mic léinn dhá mhodúl tosaigh a roghnú ón tSean-Ghaeilge, ón mBéaloideas agus ó Léann na hÉireann (a mhúintear trí mheán an Bhéarla).

Bliain 2

Sa dara bliain déantar staidéar ar chroímhodúil ar nualitríocht na Gaeilge, ar fhilíocht na Gaeilge (c.1650 go dtí an lá atá inniu ann), iriseoireacht na Gaeilge, an ghramadach agus an Ghaeilge ar an Scáileán. Is féidir dhá mhodúl a roghnú ó Logainmneacha agus Sloinnte, Aistriúchán Dlíthiúil agus Literacy and learning in Early Irish nó Poets and Performance in Celtic Civilization.

Bliain 3

Sa tríú bliain bíonn rogha ag mic léinn dul ar bhliain nó ar thrimeastar thar lear, trimeastar sa Ghaeltacht, intéirneacht, nó 30 creidiúint de mhodúil roghnacha.

Bliain 4

Sa cheathrú bliain, déantar staidéar ar chroímhodúil ar an Litríocht Réigiúnach, ar an NuaPhrós, agus ar Scileanna Taighde. Déanann an mac léinn tráchtas nó tionscnamh taighde chomh maith.

Measúnú

Usáidfear stíleanna éagsúla measúnaithe sna modúil ar fad idir scrúduithe, aistí, ghrúpobair, thionscnaimh, thráchtais agus thaithí oibre.

• Eagraíochtaí cultúrtha agus oidhreachta • Aistriúchán le comhlachtaí príobháideacha, le hinstitiúidí náisiúnta agus Eorpacha • Gairmeacha le foilsitheoireacht – eagarthóirí, cóipeagarthóirí, aistritheoirí • Múinteoireacht • Státseirbhís agus Rialtas na hÉireann • Na meáin chló, chraolta agus ar líne • Aistritheoirí agus Riarthóirí san Aontas Eorpach • Taighdeoirí/léachtóirí ollscoile

Tá cáil ar an Ghaeilge i UCD as feabhas i dtaighde agus i dteagasc ag leibhéal fochéime agus iarchéime a neartú. Taobh le féidearthachtaí do MLitt agus PhD is féidir le mic léinn leanúint le MA: Scríobh & Cumarsáid agus MA sa Nua-Ghaeilge. Ghnóthaigh mic léinn ó na cúrsaí seo scoláireachtaí Fulbright agus Fondúireacht Cheanada-Éireann mar chomhaltaí teagaisc sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada.

UCD School of Irish, Celtic Studies and Folklore
e. bairbre.nichonchuir@ucd.ie


Tá dhá thuairim agam nuair a smaoiním ar mo thaithí mar mhac léinn Nua-Ghaeilge anseo in UCD. Ar dtús, is áit iontach fháiltiúil í Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis chun staidéar a dhéanamh inti. Bhíodh ranganna na léachtóirí i gcónaí suimiúil, lán eolais agus taitneamhach. Mar aon leis sin, lasmuigh de na léachtaí, bhíodh caidreamh láidir i gcónaí agam le mo chomh-mhic léinn agus le foireann uile na Scoile. D’aimsigh mé teaghlach nua na Gaeilge anseo, sinn ag foghlaim le chéile, ag ithe lóin le chéile sa Seomra Caidrimh, agus ag caitheamh laethanta iontacha órga le chéile sa Ghaeltacht. Ní ábhar ollscoile amháin í an Ghaeilge in UCD: is teanga bheo í agus is foinse pobail í freisin.

Stiofán Ó Briain, Graduate

General application route(s) for Irish/UK/EU applicants* for International (non-EU) applicants* to An Ghaeilge & An Cultúr:

ROWCLASS Apply to   Application Type  
showAudience-audienceInt ISS3
An Ghaeilge & An Cultúr
Full-TimeCommencing 2025/2026 September
Commencing 2025/2026 September
N/A
Not available to
International (non‑EU) applicants
showAudience-audienceEU DN530
An Ghaeilge & An Cultúr
Bachelor of Arts
Full-Time
Commencing September 2025
Application through CAO Apply via CAO
* you can change options at the top of the page