Explore UCD

UCD Home >

IR40570

Academic Year 2024/2025

Téarmeolaíocht & Aistriúchán (IR40570)

Subject:
Irish
College:
Arts & Humanities
School:
Irish, Celtic Stud & Folklore
Level:
4 (Masters)
Credits:
10
Module Coordinator:
Dr Jamie Murphy
Trimester:
Spring
Mode of Delivery:
On Campus
Internship Module:
No
How will I be graded?
Letter grades

Curricular information is subject to change.

Is é aidhm an mhodúil seo ná saineolas a fháil ar chruthú na téarmaíochta sa Ghaeilge. Meascán modhanna a bheas i gceist sa mhodúl seo idir mhodhanna praiticiúla agus mhodhanna teagascacha. Gheobhaidh an scoláire tuiscint chuimsitheach ar chúlra na téarmaíochta in Éirinn agus san Aontas Eorpach, agus cén chaoi a gcuirtear téarmaíocht na Gaeilge ar fáil don phobal. Mar chuid den mhodúl seo, rachfar siar ar mhionphointí gramadaí atá riachtanach chun téarmaíocht chruinn a chruthú agus gheobhaidh an scoláire tuiscint ar conas an téarmaíocht a úsáid i gceart i bpróiseas an aistriúcháin. Ceann de na buaiceanna sa mhodúl seo ná go mbeidh deis ag an scoláire mionbhunachar téarmaíochta a chruthú nach bhfuil ar fáil sa Ghaeilge go fóill chun cur le repertoire na teanga. Táthar ag súil go ndéanfar na téarmaí nuachumtha sin a fhaomhadh ag cruinniú de chuid an Choiste Téarmaíochta agus go gcuirfear ar fáil go poiblí iad amach anseo.

About this Module

Learning Outcomes:

- Tuiscint chuimsitheach ar chruthú na Téarmaíochta in Éirinn agus an chaoi a ndéantar an téarmaíocht a láimhseáil san Aontas Eorpach.
- Saintuiscint ar phointí ardleibhéil gramadaí a bhaineann go sonrach le cruthú na Téarmaíochta, amhail céartúsáid an tséimhithe agus na haidiachta.
- Gheobhaidh na mic léinn treoir chuimsitheach ar na cuardaigh chasta ar Téarma.ie, Corpas.ie agus Terminologue.
- Gheobhaidh na mic léinn tuiscint chuimsitheach ar cheartúsáid na téarmaíochta san aistriúchán.
- Beidh na mic linn in ann tabhairt faoi mhionbhunachar téarmaíochta ar Terminologue agus tacar téarmaí Gaeilge a sholáthar a chuirfear faoi bhráid an Choiste Téarmaíochta.

Indicative Module Content:

- Cúlra na téarmaíochta in Éirinn agus san Aontas Eorpach
- Cruthú bunachair téarmaíochta ar bhogearra téarmaíochta
- Plé ar shainphointí gramadaí a bhaineann go sonrach le cruthú na téarmaíochta sa Ghaeilge
- Tuiscint chuimsitheach ar cheartúsáid na téarmaíochta san aistriúchán
- Conas dul i ngleic le cuardaigh chasta ar bhunachair foclóireachta, téarmaíochta agus chorpais.

Student Effort Hours:
Student Effort Type Hours
Specified Learning Activities

100

Autonomous Student Learning

100

Small Group

24

Total

224


Approaches to Teaching and Learning:
Léachtaí i láthair go pearsanta a bheas ann den chuid is mó ach amháin má bhíonn cás éigeandála ann. Bainfear úsáid as uirlisí ar líne atá ar fáil saor in aisce nó a bhfuil ceadúnas faighte cheana dóibh. Níl aon rochtain speisialta ag teastáil ó na mic léinn ar na bogearraí seo agus is féidir leo teacht orthu sa bhaile nó sa seomra teagaisc. Léachtaí agus obair phraiticiúil a bheas i gceist don chéad leath den mhodúl seo agus is ag díriú ar conas Terminologue a úsáid sa dara leath den mhodúl seo a bheimid. Déanfar an bogearra a chur i láthair do na mic léinn agus tabharfar deis dóibh an bogearra a úsáid sa léacht agus sa bhaile araon.

Requirements, Exclusions and Recommendations

Not applicable to this module.


Module Requisites and Incompatibles
Not applicable to this module.
 

Assessment Strategy  
Description Timing Component Scale Must Pass Component % of Final Grade In Module Component Repeat Offered
Exam (Online): Cuntas 500 focal ar chúlra na téarmaíochta in Éirinn agus san AE mar aon le ceisteanna praiticiúla téarmaíochta, úsáid bunachar téarmaíochta agus ceartúsáid na téarmaíochta san aistriúchán. Week 7 Graded No

50

No
Individual Project: Beidh ar an mac léinn mionbhunachar téarmaíochta a chruthú ar Terminologue bunaithe ar réimse téarmaíochta nach bhfuil ar fáil sa Ghaeilge go fóill. Week 15 Graded No

50

No

Carry forward of passed components
No
 

Remediation Type Remediation Timing
In-Module Resit Prior to relevant Programme Exam Board
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 

Feedback Strategy/Strategies

• Feedback individually to students, on an activity or draft prior to summative assessment

How will my Feedback be Delivered?

Déanfar measúnú 1 agus 2 a mharcáil agus cuirfear na torthaí ar fáil ar Brightspace. Is féidir leis na mic léinn seisiún aiseolais a reáchtáil leis an gcomhordaitheoir más mian leo. Déanfar gach iarracht an t-aiseolas ar mheasúnú 1 a chur ar fáil chomh luath agus is féidir ionas go mbeidh deis ag na mic léinn aon mholtaí a chur i bhfeidhm don chéad mheasúnú eile.

- Caighdeán Oifigiúil 2017
- Ár dTéarmaí Féin
- Téarmaíocht don Aontas Eorpach