Learning Outcomes:
Ba chóir go mbeadh an mac léinn in ann anailís chriticiúil ghrinn a dhéanamh i nGaeilge chruinn ar shaothar an scríbhneora atá ar an gcúrsa, na téamaí is tábhachtaí ina s(h)aothar a aithint agus a phlé, agus a léiriú go dtuigeann sé/sí an cúlra cultúrtha as ar eascair litríocht chomhaimseartha na Gaeilge.
Ba chóir, freisin, go mbeadh an mac léinn in ann tuairisc a thabhairt ar bhuncheisteanna áirithe a bhaineann leis an gcritic liteartha.