Learning Outcomes:
Na mic léinn a dhéanfaidh an modúl seo, beidh siad in inmhe Gaeilge chruinn, sholéite a chur ar chineálacha téacsanna éagsúla. Beidh siad in ann bunphrionsabail an aistriúcháin a mhíniú. Féadfaidh siad cuntas a thabhairt ar na cineálacha difriúla aistriúcháin atá ann agus ar an gcaoi a dtéitear i mbun téacs liteartha nó teicniúil a aistriú go Gaeilge, mar shampla. Beidh siad in ann na foclóirí a úsáid i gceart. Beidh siad in ann téacsanna aistrithe a chur in eagar. Tiocfaidh leo freisin tuairisc a thabhairt ar na deacrachtaí ar leith a bhaineann le Gaeilge a chur ar théacsanna de shóirt éagsúla.
Indicative Module Content:
Scileanna aistriúcháin ó Ghaeilge - Béarla & Béarla - Gaeilge;
Scileanna teanga agus eagarthóireachta;
Taithí phraiticiúil ar chineálacha éagsúla aistriúcháin;