Learning Outcomes:
Ag deireadh an mhodúil, beidh na mic léinn in ann:
1. Anailís chriticiúil, choincheapúil a dhéanamh ar ghnéithe lárnacha d'fhorbairt na meán Gaeilge i dtréimhsí éagsúla;
2. Forbairt a dhéanamh ar an gcumas anailíse agus ar an bhfiosracht intleachtúil atá riachtanach mar iriseoir agus feabhas a chur ar chaighdeán na hiriseoireachta dá réir;
3. Taithí a fháil ar shaothar iriseoireachta a dhréachtadh i seánraí éagsúla agus ar chóipeagarthóireacht a dhéanamh ar an saothar sin;
4. Cur amach a léiriú ar na foinsí idirlín, craolta agus cló sna meáin mhionteanga agus an tairbhe is fearr a bhaint astu i gcomhthéacs na Gaeilge;
5. Scileanna gairmiúla a chleachtadh a bhaineann le réimse na meán.
Indicative Module Content:
Braithfidh ábhar an mhodúil seo ar thaithí ghairmiúil na n-aoichainteoirí, chomh maith le réimsí speisialtóireachta na léachtóirí acadúla. Clúdófar na réimsí seo a leanas le linn an mhodúil:
- Léirbhreithniú ar na meáin chló, chraolta agus dhigiteacha
- Feasacht intleachtúil i dtaobh na meán agus cúrsaí reatha
- Forbairtí san iriseoireacht ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta
- Scileanna scríbhneoireachta i gcomhthéacs na meán (scripteanna, ceisteanna, blúiríní nuachta, colúin srl)
- Scileanna eagarthóireachta
- Scileanna taighde
- Scileanna anailíseacha
- Scileanna agallaimh