IR30460 Litríocht Uladh

Academic Year 2024/2025

Díreofar ar na príomhchineálacha litríochta a cumadh i gCúige Uladh agus sna contaetha máguaird idir an 17ú haois agus lár na 19ú haoise, trí anailís a dhéanamh ar ghlacán téacsanna a scríobhadh i bhfoirm dáin, próis agus prosimetrum. Míneofar tábhacht na haoire i dtraidisiú(i)n scríofa na Gaeilge; agus léifear roinnt samplaí d’aortha Ultacha agus Míocha a ceapadh i ré na Nua-Ghaeilge, m.sh. dánta de chuid Pheadair Uí Dhoirnín, agus an mórshaothar ‘Comhairle Mhic Clamha ó Achadh na Muilleann’. De bhreis air seo, múinfear cúrsa bunúsach ar an bpailéagrafaíocht.

Show/hide contentOpenClose All

Curricular information is subject to change

Learning Outcomes:

Beidh tuiscint ag na mic léinn ar chomhthéacs cultúrtha shaothrú na litríochta idir 1650 agus 1850.
Beidh siad ábalta ar ábhar na litríochta, agus comhthéacs stairiúil agus cultúrtha na litríochta a bheachtú.
Beidh siad in ann aiste chuimsitheach a scríobh ar ábhar faoi leith a ndéanfar iniúchadh air sna léachtaí.
Beidh siad in ann ábhar a thras-scríobh ó lámhscríbhinní de chuid na 18ú hAoise agus na 19ú hAoise.
Beidh siad in ann plé a dhéanamh ar phríomhthréithe an téacs ‘Comhairle Mhic Clamha’, agus ar an gceangal atá aige le téacsanna Gaeilge eile a bhaineann leis an tréimhse chéanna.

Indicative Module Content:

Léifear, sa chúrsa seo, deascán téacsanna — idir fhilíocht is phrós — a cumadh i gCúige Uladh agus sna contaetha máguaird idir an 17ú haois agus an 19ú haois. Déanfar mionstaidéar ar ‘Comhairle Mhic Clamha’, saothar prosimetrum a cumadh sna blianta deiridh den 17ú haois, trína chur i gcomórtas le téacsanna aoracha eile ó ré na Nua-Ghaeilge.
Scrúdofar an múnla liteartha sin trí rainn agus amhrán, an nasc atá aige leis an mórcheantar seo agus le haortha na Gaeilge. De bhreis air sin, pléifear roinnt téacsanna a chum mórfhilí Oirialla san 18ú haois, agus an t-eolas is féidir a bhaint astu maidir le nósanna agus le luachanna na haoise sin.

Student Effort Hours: 
Student Effort Type Hours
Lectures

22

Specified Learning Activities

50

Autonomous Student Learning

28

Total

100

Approaches to Teaching and Learning:
Léachtaí; scríbhneoireacht chriticeach; foghlaim mhachnamhach.






 
Requirements, Exclusions and Recommendations
Learning Requirements:

Léamh agus Scríobh na Gaeilge; tuiscint ar an nGaeilge labhartha; taithí ar thaifead na Gaeilge.


Module Requisites and Incompatibles
Not applicable to this module.
 
Assessment Strategy  
Description Timing Component Scale Must Pass Component % of Final Grade In Module Component Repeat Offered
Assignment(Including Essay): Tras-scríbhinní gairide. Week 4, Week 6, Week 9, Week 11 Standard conversion grade scale 40% No

20

No
Assignment(Including Essay): Aiste (1500 focal). Week 8 Standard conversion grade scale 40% No

20

No
Exam (In-person): Scrúdú. End of trimester
Duration:
2 hr(s)
Standard conversion grade scale 40% No

60

No

Carry forward of passed components
Yes
 
Resit In Terminal Exam
Spring No
Please see Student Jargon Buster for more information about remediation types and timing. 
Feedback Strategy/Strategies

• Group/class feedback, post-assessment

How will my Feedback be Delivered?

Not yet recorded.

de Rís, Seán. 1969. Peadar Ó Doirnín: A Bheatha agus a Shaothar. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.
Duffy, Joseph (eag.). 1965. ‘Comhairle Mhic Clamha ó Achadh na Muilleann’, Clogher Record 5(3), 307–47. [Leagan ceartaithe in Ó Dufaigh, Seosamh & Rainey, Brian E. 1981. Comhairle Mhic Clamha ó Achadh na Muilleann. Lille: Presses Universitaires de Lille].
Flower, Robin. 1992 [1926]. Catalogue of Irish Manuscripts in the British Library [formerly British Museum], Iml. 2. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.
Ó Baoill, Colm & Ó Dochartaigh, Cathair (eagí). 1996. Trí Rainn agus Amhrán: Cnuasach Filíochta. Béal Feirste: Lagan Press.
Ó Buachalla, Breandán (eag.). 1969. Peadar Ó Doirnín: Amhráin. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.
Williams, N. J. A. 1977–8. ‘Irish Satire and its Sources’, Studia Celtica 12–13, 217–246.
Williams, Nicholas. 2013. ‘Cineálacha Éagsúla Grinn sa Ghaeilge’ in O’Neill, Malachy & Uí Chollatáin, Regina (eagí), An Greann sa Ghaeilge, 1–21. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Soláthrófar tuilleadh foinsí le linn an chúrsa.