Show/hide contentOpenClose All
Curricular information is subject to change
Faoi dheireadh an chúrsa:
- beidh an mac léinn in ann téacsanna de chineálacha éagsúla a aistriú go Gaeilge / Béarla agus a mhalairt, agus leas a bhaint as an réim teanga agus as an téarmaíocht is cuí don téacs sin
- beidh an mac léinn in ann cur síos a dhéanamh ar roinnt de theoiricí an aistriúcháin agus plé a dhéanamh orthu i gcomhthéacs a c[h]uid oibre féin
- beidh cur amach ag an mac léinn ar na canúintí agus ar an gCaighdeán Oifigiúil, agus ar an tábhacht a bhaineann leo i gcomhthéacs téacsanna den uile chineál
- beidh an mac léinn in ann cur síos a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le cineálacha éagsúla téacsanna a aistriú agus machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas a bhain leis an téacs sin a aistriú
- beidh an mac léinn in ann an leas is fearr agus is cuí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil don aistritheoir
- beidh an mac léinn in ann earráidí ina c[h]uid oibre féin (agus in obair a c[h]omhgleacaithe) a aithint agus eagarthóireacht chuí a dhéanamh ar na téacsanna sin
- beidh an mac léinn in ann anailís a dhéanamh ar aistriúcháin a rinneadh cheana agus plé a dhéanamh ar na cinntí a glacadh iontu
- beidh an mac léinn in ann tabhairt faoi thionscnamh aistriúcháin níos faide agus tuairisc a scríobh ar phróiseas an aistriúcháin sin
Téacsanna de chineálacha éagsúla a bheidh le haistriú ag an mac léinn sa chúrsa seo, lena -áirítear:
téacsanna faisnéiseacha/pragmatacha
téacsanna litríochta, lena n-áirítear prós agus filíocht
téacsanna teicniúla
téacsanna oifigiúla, lena n-áirítear téacsanna dlí agus reachtaíochta
Student Effort Type | Hours |
---|---|
Lectures | 24 |
Specified Learning Activities | 100 |
Autonomous Student Learning | 100 |
Total | 224 |
Moltar an modúl IR10040 Teanga na Gaeilge 1 agus an modúl IR20180 Teanga na Gaeilge 2A bheith déanta ag an mac léinn, nó grád ard sa chúrsa ardleibhéil Gaeilge san Ardteistiméireacht.
Ní mholtar an cúrsa dóibh sin nach bhfuil cumas maith acu sa Ghaeilge scríofa agus labhartha.
Description | Timing | Component Scale | % of Final Grade | ||
---|---|---|---|---|---|
Exam (Take-Home): Scrúdú baile; le déanamh in imeacht aon lae i ndeireadh an trimeastair. | Week 12 | Standard conversion grade scale 40% | No | 20 |
No |
Exam (Take-Home): Scrúdú Lár Téarma; le déanamh sa bhaile in imeacht aon lae i Seachtain 7 | Week 7 | Standard conversion grade scale 40% | No | 10 |
No |
Assignment(Including Essay): Obair bhaile rialta | Week 3, Week 6, Week 8, Week 10 | Standard conversion grade scale 40% | No | 20 |
No |
Individual Project: Tionscnamh Aistriúcháin; le taisceadh i ndeireadh an trimeastair; dréachtaí le cur faoi bhráid an léachtóra i rith an téarma | Week 12 | Standard conversion grade scale 40% | No | 50 |
No |
Resit In | Terminal Exam |
---|---|
Autumn | No |
• Feedback individually to students, on an activity or draft prior to summative assessment
• Feedback individually to students, post-assessment
• Group/class feedback, post-assessment
• Peer review activities
Gheobhadh an mac léinn aiseolas mionsonraithe ar an obair scríofa a chuireann siad isteach, laistigh de 20 lá ón dáta a gcuirtear an obair isteach. Cuirfear an t-aiseolas sin ina láthair i bhfoirm 'track changes', i bhfoirm tráchtanna taobh leis an gcáipéis, agus i bhfoirm nótaí ag deireadh na cáipéise. Gheobhaidh na mic léinn aiseolas i ndiaidh an chur i láthair óna gcomhgleacaithe agus ón léachtóir, a chuirfidh ar bhóthar a leasa iad roimh an tionscnamh a chríochnú. Gheobhaidh na grúpaí mac léinn aiseolas mionsonraithe ar an gcaoi chéanna i gcás an tionscnaimh féin, agus gheobhaidh siad tuairisc dheiridh don ghrúpa i bhfoirm scríofa.